Foilsithe ar 

Deontas suas le €224,824 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar leithinis Chorca Dhuibhne

D’fhógair Joe McHugh, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, 4 Deireadh Fómhair, go bhfuil deontas suas le €224,824 ceadaithe aige d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo., Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí, chun cur ar a gcumas a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích ar mhaithe leis an nGaeilge a threisiú mar phríomhtheanga na Gaeltachta, go háirithe i measc daoine óga agus teaghlaigh le páistí óga, ar leithinis Chorca Dhuibhne.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú le hOidhreacht Chorca Dhuibhne i bhfianaise na dea-oibre a dhéanann sí ar leithinis Chorca Dhuibhne.

Déanann lucht na hOidhreachta obair fhónta i gCiarraí Thiar i gcur chun cinn na Gaeilge agus ó thaobh sealbhú na teanga, go háirithe i measc dhaoine óga an cheantair,” a dúirt an tAire Stáit McHugh. “Agus an maoiniú suntasach seo á cheadú agam, tá mé ag súil leis go mbeidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne in ann leas a bhaint as. I dteannta an deontais faoi leith seo, beidh allúntas eile airgid ar fáil fosta chun tacú le feidhmiú phlean teanga an cheantair. Nuair a chuirtear na hinfheistíochtaí seo ar fad le chéile, gan trácht ar an chúnamh caipitil atá curtha chun fónaimh sa cheantar, níl amhras ar bith faoi dháiríreacht mo Roinne maidir le tacú le ceantar Chorca Dhuibhne.

Is i gcomhréir le gníomhartha 2.13 agus 2.14 den Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi Réimse Gnímh 2: An Ghaeltacht i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá an maoiniú seo á cheadú.