Foilsithe ar 

Deontas €11,126 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Ionad na nImirceach, Carna, Co na Gaillimhe

D’fhógair Joe McHugh, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, go bhfuil deontas de €11,126 ceadaithe aige do Choiste Ionad na nImirceach chun cur ar a gcumas balla cosanta agus fál a thógáil taobh le Ionad Cuimhneacháin na nImirceach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gCoiste an togra seo a chur i gcrích.

Tuigim go bhfuil an obair atá beartaithe acu fíor-thábhachtach ó thaobh cúrsaí sláinte agus sábháilteachta de. Táim cinnte go gcuirfidh an obair seo barr feabhais ar an áis luachmhar atá curtha ar fáil acu in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach.

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.