Foilsithe ar 

Deontas €1,230 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choláiste na Rosann, Anagaire, Co. Dhún na nGall, chun cathaoireacha a cheannach

D’fhógair Joe McHugh, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, Déardaoin 28 Meitheamh, go bhfuil deontas de €1,230 ceadaithe aige do Choláiste na Rosann, Anagaire, Co Dhún na nGall chun cur ar a gcumas cathaoireacha a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gColáiste an togra seo a chur i gcrích.

Is ar leas na ndaltaí agus na ndaoine óga a fhreastalaíonn ar an gcoláiste a bheidh ábhar an deontais. Níl amhras ar bith ach go bhfuil tionscal na gColáistí Gaeilge ar cheann de na tionscail is tairbhí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.


Is faoin réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.