Foilsithe ar 

Deontas €2,125 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Forbartha Charraig Airt, Co. Dhún na nGall, chun cur ar a gcumas comharthaí eolais a chur suas timpeall an bhaile

D’fhógair Joe McHugh, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, inniu, dé hAoine 27ú Iúil, go bhfuil deontas de €2,125 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Charraig Airt chun cur ar a gcumas comharthaí eolais a chur suas timpeall an bhaile.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gCoiste an togra seo a chur i gcrích.

Tuigim an obair iontach ata á dhéanamh ag an gcoiste gníomhach seo agus iarracht den scoth á dhéanamh acu comharthaí Gaeilge a chur suas timpeall an cheantair. Táim cinnte go mbainfidh muintir an cheantair agus turasóirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin tairbhe as ábhar an deontais.

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.