Foilsithe ar 

Deontas €2,515 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Forbartha an tSean Phobail, Dún Garbhán, Co Phort Láirge, chun córas soilsithe stáitse a cheannach

D’fhógair Joe McHugh,  Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus na hOileáin, inniu (Dé Céadaoin 11 Aibreán) go bhfuil deontas de €2,515 ceadaithe aige do Choiste Forbartha an tSean Phobail chun cur ar a gcumas córas soilsithe stáitse a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gCoiste an togra seo a chur i gcrích. “Bainfidh pobal na háite tairbhe iontach as an gcóras soilsithe stáitse a chabhróidh go mór an drámaíocht agus an tsiamsaíocht a thabhairt chun tosaigh sa cheantar. 

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.