Foilsithe ar 

Deontas €2,878 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh d’Fhorbairt Pobail Mhaigh Cuilinn, Co na Gaillimhe, chun staidéar féidearthachta a dhéanamh

D’fhógair Joe McHugh,  Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus na hOileáin, inniu (Dé Céadaoin 11 Aibreán), go  bhfuil deontas €2,878 ceadaithe aige d’Fhorbairt Pobail Mhaigh Cuilinn chun cuidiú leo staidéar féidearthachta a dhéanamh.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil d’Fhorbairt Pobail Mhaigh Cuilinn le cuidiú leo céim eile a bhaint amach san obair atá beartaithe acu a dhéanamh do mhuintir an cheantair, maidir le hIonad Pobail a fhorbairt.

Is faoin réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.