Foilsithe ar
Deontas €3,939 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Bhord na nÓg, CLG Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, chun trealamh traenála a cheannach
D’fhógair Joe McHugh, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (Dé Céadaoin 11 Aibreán), go bhfuil deontas €3,939 ceadaithe aige do Bhord na nÓg, CLG Ghaoth Dobhair, chun cuidiú leo trealamh traenála spóirt a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil do Bhord na nÓg agus iad ag freastal ar óige an pharóiste agus clár leathan imeachtaí spóirt á chur ar fáil acu dóibh.
Is faoin réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.