Foilsithe ar
Deontas €41,618 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Thearmann Éanna Teo.
D’fhógair Joe McHugh, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu( Dé hAoine 1 Meitheamh) go bhfuil deontas de €41,618 ceadaithe aige do Thearmann Éanna Teo. chun mionbhus le hardaitheoir a cheannach don Ionad Lae.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an Ionad an mionbhus seo a chur ar fáil.
Cinnte, tá córas taistil riachtanach i saol an duine atá ag dul in aois le go mbeidh ar a chumas ceangal isteach ar sheirbhísí agus ar imeachtaí a bhíonn eagraithe sa cheantar.
Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.