Foilsithe ar 

Deontas €97,151 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh d’Áislann Chill Chartha, Co. Dhún na nGall, chun cuidiú leo síneadh a chur leis an bhfoirgneamh

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (16 Márta 2018), go  bhfuil deontas €97,151 ceadaithe aige d’Áislann Chill Chartha chun cuidiú leo síneadh a chur leis an bhfoirgneamh atá acu.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an maoiniú a chur ar fáil.

“Níl aon amhras ach go bhfuil ardchaighdeán áiseanna oideachais, oiliúna, áineasa agus spóirt á gcur ar fáil ag an Áislann do phobal Chill Charthaigh agus an cheantair mhórthimpeall.”

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.