Foilsithe ar 

Éire i mbun Taibhithe - tuilleadh de sheisiúin taibhithe ar líne Chultúr Éireann le theacht

Beidh 100 seisiún oirfidíochta curtha ar bun faoin deireadh seachtaine seo

- 530,000 líon iomlán an lucht féachana go dtí seo

- 497 líon na n-iarratas a tháinig isteach go dtí seo

- An tseachtain seo chugainn, an séú seachtain, tá seisiúin oirfidíochta á n-eagrú le Lemoncello, I Draw Slow, The Finns, Ryan McMullan, Eleanor Shanley, Laoise Kelly, Curtis Walsh, Joe Chester, Columbia Mills, Cian Nugent agus eile

 

Tá Éire i mbun Taibhithe, an scéim de chuid Chultúr Éireann i gcomhar le Facebook Ireland, ar bun beo ón 13 Aibreán agus beidh 100 seisiún oirfidíochta curtha ar siúl faoin deireadh seachtaine seo.

Dúirt an tAire Madigan, á fhógairt di go bhfuil €20,000 breise á chur ar fáil don tionscnamh ar líne seo,

tá réimse iontach éagsúlachta ag baint leis na taibhithe a bhfuil aird dhaoine ar fud an domhain tarraingthe acu, lucht féachana is mó ná leath mhilliún. Is mian liom

síneadh ama a chur le tréimhse na scéime seo i bhfianaise oiread sin spéise á chothú leis agus mar bheart cúnta ionas gur féidir le hoirfidigh eile a theacht i láthair ar líne agus gur féidir taitneamh a bhaint as saothar aos dána na hÉireann ar líne

Tá an scoth d'aos dána na hÉireann ag roinnt a gcuid tallainne le lucht féachana ar fud an domhain óna gcuid tithe ar fud na hÉireann. Idir lucht ceoil (ceol traidisiúnta, rac-cheol, popcheol, ceol Indie, ceol tíre, ceol clasaiceach, ceoldrámaíocht agus snagcheol), amharclannaíochta, dearcealaíne, aithriseoireachta, filíochta, sorcais/sráidealaíne, scéalaíochta agus ealaín don teaghlach. Thapaigh oirfidigh an deis ceirníní nó leabhair a sheoladh nó caidreamh a nascadh leis an lucht éisteachta sa chás gurbh éigean ceolchoirmeacha a chur ar ceal.

Cuireadh seisiúin oirfidíochta ar bun in áiteanna de chineálacha éagsúla ar fud na hÉireann, sa seomra suite, sa chistin nó sa seomra codlata, i seomra ceoil, i gcró sa gairdín nó i gceardlann, ar an tsráid, i bpolathollán nó i ngarraí an tí, ar an trá nó i veain campála.

Leagadh béim faoi leith ar cheoltóirí a raibh súil leo ag sársheónna mór-iomrá idirnáisiúnta de leithéid SXSW agus The Great Escape ina measc Alex Gough, Junior Brother, Somebody's Child, LillaVargen, Ryan McMullen, Tebi Rex, Ailbhe Reddy, Malaki agus Thumper.

Cuireadh seisiúin bheaga teolaí ar fáil go dtí seo le ceoltóirí de leithéid Mick Flannery, Cormac Begley, Aoife Scott, Peter O’Toole, John Spillane, Gráinne Hambly and William Jackson, Aindrias de Staic, Sharon Shannon, Slow Moving Clouds, Ailbhe Reddy, Junior Brother, Luan Parle, Somebody’s Child, Susan O’Niell, Moncrieff, Gerry O’Connor, Leonard Barry agus an Dr Fionnuala Moynihan, chomh maith leis an bhfile Kimberly Reyes agus an scríbhneoir Ruairí McKiernan.

Is féidir le daoine ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain na seisiúin taibhithe a fheiceáil ar an leathanach atá ag Cultúr Éireann https://www.facebook.com/CultureIreland/

Tá ciste faoisimh €120,000 á chur ar fáil ar bhonn gearrthéarmach chun luach saothair a íoc le healaíontóirí gairmiúla a chuireann a gcuid saothair i láthair ar líne. Íoctar €1,000 as an seisiún oirfidíochta leis an ealaíontóir agus beidh an scéim i bhfeidhm go ceann ceithre seachtaine ar dtús. Tuigeann Cultúr Éireann nach fearr aon ní ná a bheith beo ar aon láthair leis an oirfideach ach táthar ag súil gur éifeachtach an modh oibre seo trínar féidir beagán éigin den easnamh ina leith sin a chúiteamh agus daoine ar fud an domhain ag coinneáil chucu féin.

#IrelandPerforms Cuireann Facebook Ireland agus Cultúr Éireann, leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, cistí taca ar fáil maidir le hOirfidíocht Éireann atá á chur i bhfeidhm i gcomhar le First Music Contact agus Éigse Éireann.

Maidir le seisiúin taibhithe na seachtaine seo, féach - https://events.cultureireland.ie/events

Nóta don Eagarthóir

Cuireann Cultúr Éireann, a oibríonn mar chuid den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, cistíocht agus cúnamh taca ar fáil do lucht ealaíne na hÉireann maidir le dul i gcion ar an lucht éisteachta agus féachana ar fud an domhain. Tionscnamh gan mhoill atá i gceist le Éire i mbun Taibhithe ar mhaithe leis an gcuspóir céanna sin a chur chun cinn i rith ghéarchéim Covid-19. Tagann an scéim le straitéisí atá á n-oibriú ag na hoirfidigh féin, ag cothú an chaidrimh le dreamanna den lucht féachana agus éisteachta ar líne. Is mian le Cultúr Éireann a chinntiú go dtugtar tús áite do shaothar an ealaíontóra agus go mbíonn luach saothair á íoc leo as a gcuid oirfidíochta.

Is féidir leis na hoirfidigh an t-ardán meán sóisialta is rogha leo féin a úsáid i mbun na taibhithe dóibh. Níl aon cheangal orthu a theacht i láthair beo ar ardán de chuid Facebook. Craobhscaoileann Cultúr Éireann na seisiúin oirfidíochta ar Facebook ach ní shonraítear aon táirge ná ardán faoi leith don oirfideach féin. Tá €50,000 á chur ar fáil ag Facebook agus dáileadh á dhéanamh ar an gciste sin ag Cultúr Éireann/First Music Contact ar bhonn €1,000 an seisiún oirfidíochta ar líne.