Foilsithe ar
Fáilte curtha ag an Aire Madigan roimh cheapachán Maureen Kennelly ina Stiúrthóir ar an gComhairle Ealaíon
D’fháiltigh Josepha Madigan TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu, an 6 Márta 2020, roimh an bhfógra go bhfuil Maureen Kennelly Uasal ceaptha ina Stiúrthóir ar an gComhairle Ealaíon. Tugadh faoi phróiseas earcaíochta iomaíoch agus trédhearcach chun an post a líonadh a bhí roimhe sin ag Orlaith McBride.
Is as Baile Átha Longfoirt i gCo. Chiarraí Maureen ó dhúchas agus is í Stiúrthóir Éigse Éireann faoi láthair í.
Maidir leis an gceapachán, dúirt an tAire Madigan:
‘Táim thar a bheith ríméadach go mbeidh duine ardchumasach a bhfuil taithí mhór aici ar leibhéal ard i mbun na Comhairle Ealaíon sna blianta beaga atá le teacht.
Táim go mór i bhfách leis na hEalaíona agus tá a fhios agam go gcuirfidh Maureen leis an obair mhór a rinne Orlaith McBride, a réamhthéachta, agus go mbeidh sí ina ceannródaí ar mhaithe leis na hEalaíona. Rachaidh sí i mbun an phoist i ré iontach ní hamháin don Chomhairle Ealaíon mar eagraíocht ach i réimsí na n-ealaíon agus an chultúir tríd is tríd.
Eolas faoi Maureen Kennelly
Is as Baile Átha Longfoirt i gCo. Chiarraí Maureen Kennelly ó dhúchas. Tá os cionn scór bliain caite aici in earnáil na n-ealaíon agus d’oibrigh sí le heagraíochtaí móra mar Féile Ealaíon Chill Chainnigh, Complacht Amharclannaíochta Fishamble, Complacht Amharclannaíochta Druid, Ionad Ealaíon Mermaid agus the Féile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt.
Is ball í de Shainchoiste Comhairleach Chultúr Éireann agus bhí sí ina comhalta de Chomhlacht Rialaithe Ollscoil na hÉireann Corcaigh.
Tá sí ag obair le hÉigse Éireann ó 2013 agus sa tréimhse sin bhain sí amach uaillmhian a bhí ag an eagraíocht ó bunaíodh í - is é sin Ionad Éigse Éireann a bhunú ar Chearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath.