Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Martin roimh athoscailt na nInstitiúidí Náisiúnta Cultúir

Cuid den Phlean Oibre leis an tSochaí agus Gnóthaí a Athoscailt

 

D'fháiltigh Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt agus Gaeltachta inniu (an 29 Meitheamh) roimh an scéala bhfuil Forais Náisiúnta Cultúir luachmhara na hÉireann oscailte arís den chéad uair ón 12 Márta, nuair a fógraíodh go raibh an tír faoi chuibhriú.

Mar chuid de Phlean Oibre an Rialtais leis an tSochaí agus Gnóthaí a Athoscailt, tá sé cinn dár nInstitiúidí Náisiúnta Cultúir ag athoscailt ar fad nó go pointe áirithe don phobal inniu, agus beidh an seachtú ceann ag oscailt amárach (an 30 Meitheamh).

Is iad na sé hinstitiúid atá ag oscailt inniu:

·Ard-Mhúsaem na hÉireann

·Gailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh

·Leabharlann Chester Beatty

·Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

·An Chartlann Náisiúnta

·Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

agus amárach:

·Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

 

Tá freagra láidir tugtha ag Institiúidí Náisiúnta Cultúir na hÉireann maidir le géarchéim Covid trí ábhar tarraingteach agus éagsúil ar líne a chur ar fáil ar a gcuid láithreán gréasáin agus ar fud na meán sóisialta. Ach anois, is féidir le daoine cuairt a thabhairt ar na hinstitiúidí iad féin agus na seoda náisiúnta a fheiceáil chun sult a bhaint astu i dtimpeallacht shábháilte a bheidh faoi threoir na gcritéar sláinte poiblí.

 

Maidir leis na forais a bheith ag athoscailt, dúirt an tAire Martin:  

Tá ríméad orm go bhfuil sé cinn d’Fhorais Náisiúnta Cultúir na tíre le hoscailt arís inniu don phobal, agus go mbeifear ag oscailt an seachtú Institiúid, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, amárach. Is céim mhór í seo i dTreochlár na tíre; tugann cultúr, in éineacht lenár gcuid spóirt agus gníomhaíochtaí eile áineasa, léiriú orainn mar Éireannaigh - cothaíonn sin pobal agus deis le sásamh a bhaint as an saol. Cuireann na nithe sin ar fad, in éineacht, leis an tarraingt ar leith atá ar Éirinn ag turasóirí agus ag cuairteoirí ó gach cearn den domhan agus tugann ar ais iad arís agus arís eile.

 Agus muid ag tosnú ag smaoineamh ar ár gcuid saoire féin i mbliana molaim do chách fanacht in Éirinn agus taitneamh a bhaint as na hacmhainní iontach turasóireachta atá ar fáil anseo – féach ar “Make a Break for It.

 

Osclófar Amharclann na Mainistreach agus an Ceoláras Náisiúnta do lucht spéise ar dháta amach anseo.

 

Tá sonraí na hathoscailte do gach aon Institiúid Cultúir le fáil ar a gcuid láithreán gréasáin féin agus tá na naisc chuig na láithreáin gréasáin sin leagtha amach thíos.