Foilsithe ar 

Fógartha ag Martin agus Humphreys go bhfuil tuilleadh Taifid Stairiúla ar fáil ar líne

Tá tuilleadh íomhánna a glacadh de Chláir na mBásanna a bhaineann leis na blianta 1871 go 1877 anois ar fáil le féachaint orthu ar an láithreán gréasáin,www.irishgenealogy.ie. Tá íomhánna de 671,599 iontráil báis curtha leis an láithreán gréasáin agus leis sin tá breis is 15.5 milliún ar fáil anois don phobal le féachaint orthu agus le taighde a dhéanamh orthu ar an láithreán gréasáin www.irishgenealology.ie.

Áirítear i measc na dtaifead atá ar fáil ar líne anois:

  • Taifid chlár na mbreitheanna - 1864 go dtí 1919
  • Taifid chlár na bpóstaí - 1845 go dtí 1944
  • Taifid chlár na mbásanna - 1871 go dtí 1969

Tá fáilte curtha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D. roimh an eisiúint is déanaí seo:

"Is cuid den chomhpháirtíocht leanúnach idir mo Roinnse agus an Roinn Coimirce Sóisialaí, Forbartha Pobail agus Tuaithe agus Oileáin an eisiúint seo ar shonraí ó chlár na mbásanna ón tSeirbhís um Chlárú Sibhialta.  An aidhm atá ann na taifid seo ar fad a chur ar fáil chomh réidh agus éasca is féidir don phobal ar fad sa bhaile agus ar fud Dhiaspóra na Éireann.

Dúirt Heather Humphreys T.D., an tAire Coimirce Sóisialaí: “Fáiltím roimh na blianta eile seo d’iontrálaithe ar Chlár na mBásanna a bheith ar fáil ar líne. Bhí sé de phléisiúr agam le ceithre bliana gach leas a bhaint as na taifid seo atá le fáil ar láithreán gréasáin www.irishgenealogy.ie nuair a bhí mé i mAire Ealaíon agus is breá an rud a fheiceáil go bhfuil na taifid ar fad anois beagnach curtha ar fáil ag Seirbhís um Chlárú Sibhialta mo Roinne le gur féidir iad a chuardach ar líne.”

 

Nótaí d'Eagarthóirí

Is íomhánna d’iontrálaithe ar Chlár na mBásanna a bhaineann leis na blianta 1871 to 1877 is ea na taifid atá á seoladh. Bheadh eolas sna híomhánna seo ar an té a bhásaigh lena n-áirítear a n-ainm agus a n-aois nuair a bhásaigh siad. Tá siad úsáideach chomh maith chun sonraí a chur ar fáil mar an áit ar bhásaigh duine agus an faisnéiseoir. Is fiú go mór eolas mar sin chun stair teaghlaigh a rianú agus in éineacht leis na hiontrálaithe ar an gclár sibhialta de Bhreitheanna agus Póstaí, is féidir leis cuidiú go mór leosan ar mian leo tuilleadh eolais a chur ar stair a dteaghlaigh.

Cuirtear rochtain ar fáil ar www.irishgenealogy.ie chuig:

  • 6,593,707 iontráil ar Chlár Sibhialta na mBreitheanna;
  • 1,904,435 iontráil ar Chlár Sibhialta na bPóstaí; &
  • 6,876,239 iontráil ar Chlár Sibhialta na mBásanna.

Tá an láithreán gréasáin le fáil saor in aisce agus ní gá clárú ná suibscríobh  chun é a úsáid.

Is iad na blianta atá ag teacht faoi na taifid stairiúla de Bhreitheanna, Póstaí agus Básanna atá ar fáil ar láithreán gréasáin www.irishgenealogy.ie:

Breitheanna 1864 to 1919

Póstaí             1845* go 1944

Básanna:       1871** to 1969

* Níor tosaíodh ag déanamh Clárú Sibhialta ar Phóstaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach go dtí 1864.

**Tá an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta ag obair faoi láthair ar na taifid Báis atá fanta ag dul siar go dtí 1864 a nuashonrú. Áireofar iad sin in eisiúintí amach anseo ar thaifid a bheidh ar fáil ar an láithreán gréasáin.

Úsáid an Láithreáin - B'ionann Líon na gCuairteanna a tugadh ar láithreán na dtaifead sibhialta go dtí an 2 Meán Fómhair agus 3,194,738.

Déantar bliain eile d’iontrálaithe Breitheanna, Básanna agus Póstaí a chur leis an láithreán gréasáin gach bliain.

Déanfar roinnt clár eile atá i seilbh na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta a fhoilsiú. Faoi thogra eile i gcomhar idir an dá Roinn. Áirítear ar na cláir sin taifead de phearsanra na hÉireann a maraíodh le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, cláir de chuid an airm a bhaineann le breitheanna, básanna agus póstaí; cláir den chineál céanna arna gcoimeád ag na seirbhísí consalachta.  Fógrófar tuilleadh sonraí faoin tionscadal seo in am trátha.