Foilsithe ar 

Fógartha ag an Aire go bhfuil portaigh le cur chun cinn go mór ar mhaithe leis an bPlean Gníomhaíochta um Bithéagsúlacht agus Athrú Aeráide

Bord na Móna chun bainistiú tionscadail a dhéanamh ar chlár náisiúnta athchóirithe na bportach ardaithe cosanta 2020
 
€5m leithroinne chun breis is 1,800 heicteár a athchóiriú
 
D’fhéadfadh suas le 70 post a bheith ar fail sa réigiún lár tire mar thoradh ar an bhfeachtas caomhnúacháin

                                       

Tá sé fógartha ag Josepha Madigan, TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu go bhfuil Bord na Móna ceaptha, i ndiaidh próiseas soláthair phoiblí, chun bainistiú tionscadail a dhéanamh ar fheidhmiú chlár náisiúnta athchóirithe portach ardaithe cosanta 2020 a Roinne, chun seirbhísí gairmiúla riachtanacha eile a chur ar fáil agus chun tabhairt faoi bhearta athchóirithe.  Treiseoidh fógra an lae inniu le Plean Gníomhaíochta na hÉireann um Bithéagsúlacht agus Athrú Aeráide a chur i bhfeidhm.  

Cuireadh leithroinnt €5m ó Chiste na Cánach Carbóin ar fáil i mBuiséad 2020 chun breis is 1,800 heicteár de phortaigh ardaithe a athchóiriú atá laistigh de ghréasáin Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) agus Limistéar Oidhreachta Nádúrtha (NHA) ar roinnt portach ardaithe ar fud roinnt contae i réigiún lár tíre.

Áirítear mar chuid den tionscadal túr sreabhadh comhathraithis a shuiteáil ar láthair portaigh ardaithe ainmnithe chun monatóireacht a dhéanamh ar shreabhadh dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus meatáin (CH4).

D’fhéadfadh suas le 70 post a bheith ar fáil sa réigiún lár tíre agus roinnt gairmeacha a bheith i gceist lena n-áirítear oibreoirí meaisín, innealtóirí, hidreolaithe, éiceolaithe, eolaithe comhshaoil, maoirseoirí láithreáin, pearsanra idirchaidrimh pobail agus daoine chun acmhainn forbartha taitneamhachta a mheas ar fud an limistéir tionscadail.

Dúirt an tAire Josepha Madigan:

Tá éiceachórais na bportach thar a bheith tábhachtach chun bithéagsúlacht a chaomhnú agus chun dul i ngleic le hathrú aeráide.  Ach ár gcuid portach ardaithe a athchóiriú cinnteofar go ndéantar ábhar carbóin portaigh a stóráil i ngach portach go buan.

Tá ceangal díreach ag gníomh faoi bPlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide 2019 leis an gclár náisiúnta athchóirithe portach ardaithe - gníomh ina leagtar de chúram ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta suas le 22,107 heicteár de phortach ardaithe faoi chosaint a athchóiriú/athfhliuchadh.

Déanann portaigh atá ag feidhmiú carbón a ghabháil (a leithlisiú) as an atmaisféar agus a stóráil i bhfoirm móna agus fásra. Nuair a dhéantar díobháil do phortaigh nó nuair a dhéantar iad a dhraenáil, ocsaídíonn an mhóin agus scaoiltear an carbón ar ais amach san atmaisféar. Is féidir ocsaídiú móna a stopadh nó a laghdú trí na láithreáin seo a athchóiriú agus le bearta bainistithe hidreolaíochta. Tá sé riachtanach carbón a choinneáil stóráilte sa talamh agus cothromaíocht hidreolaíochta a athchóiriú agus a athshlánú (i.e. ní mór uisce a choinneáil gar do dhromchla an phortaigh an chuid is mó den bhliain) d’fhonn portaigh dhíghrádaithe a thabhairt ar ais go córais atá neodrach ó thaobh carbóin nó ina linnte.