Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Josepha Madigan, T.D., clár an Stáit chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar bhás John Redmond ar an 6 Márta 2018

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., sonraí inniu (6 Márta 2018) faoi chlár an Stáit chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar bhás John Redmond, ceannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, ar an 6 Márta 2018.

D’athraigh Éirí Amach 1916 agus an tréimhse ina dhiaidh tírdhreach polaitiúil na hÉireann go deo. Mar gheall ar an tacaíocht leanúnach a thug Redmond do chomhar cogaidh na Breataine agus an fhreagairt bhraite throm a thug Rialtas na Breataine dóibh siúd a ghlac páirt san Éirí Amach, thosaigh laghdú ag teacht ar an tacaíocht a bhí á thabhairt do Redmond agus do Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann agus tosaíodh ag tacú leis an ngluaiseacht réabhlóideach. B’éard a bhí mar thoradh air seo, faoi dheireadh, ná Olltoghchán ar an 14 Nollaig 1918, a rinne Páirtí Parlaiminteach na hÉireann a mhilleadh agus ba thráth cinniúnach é seo san aistriú ón náisiúnachas a bhí bunaithe ar an bparlaimint go dtí náisiúnachas a bhí bunaithe ar éirí amach. Tionóladh chéad chruinniú na Dála ar an 21 Eanáir 1919 agus bhain an cur chuige daonlathach parlaiminteach an lámh in uachtar amach, ar deireadh.

Ba mhinic gur baineadh míthuiscint as leagáid chasta Redmond, go dtí anois, mar gheall gur ceapadh go raibh sé fite fuaite i gcomhar cogaidh na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Bhí baint lárnach ag Redmond, chomh maith, in aistriú húinéireacht talún chuig feirmeoirí tionónta Éireannacha – bhí Acht Talún Wyndham 1903 mar thoradh ar an idirbheartaíocht a rinne sé le ceannairí tiarna talún Éireannacha agus is ann go fóill dá leagáid pholaitiúil inniu.

Thug Deich mBliana na gCuimhneachán deiseanna nua dúinn chun fiosrú agus machnamh a dhéanamh ar na scéalta casta a bhaineann leis an bpáirt a ghlac Éire sa Chéad Chogadh Domhanda agus féadaimid anois machnamh a dhéanamh ar ár gcomhstair ar bhealach cuimsitheach agus a léiríonn meas, a bhronnann an áit atá tuillte sa stair ar phríomh-rannpháirtithe in imeachtaí an trátha sin, ar nós John Redmond.

Céad bliain i ndiaidh bhás Redmond, déanann Clár Comórtha Céad Bliain an Stáit seo comóradh ar rannchuidiú John Redmond le Stát na hÉireann a bhí ag teacht chun cinn agus ar éachtaí Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann, a bhí faoina cheannaireacht ar feadh 18 mbliana. D’oibrigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta as lámh le páirtithe leasmhara éagsúla, Ollscoil na hÉireann; Acadamh Ríoga na hÉireann; Scoil na Staire in UCD; Comhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge; agus Comhairle Contae Loch Garman ina measc chun clár oiriúnach agus cuimsitheach a fhorbairt, a bhí bunaithe go daingean ar fhoinsí stairiúla.

Is éard atá sa chlár seo réimse saibhir agus éagsúil de ghníomhaíochtaí searmanais, cultúrtha, stairiúla agus oideachais i mBaile Átha Cliath, Loch Garman, Port Láirge agus Baile Átha Luain.

Ar cheann de na buaicphointí, tá siompóisiam lae saor in aisce, - John Redmond agus Páirtí Parlaiminteach na hÉireann: Siompóisiam Comórtha Céad Bliain, atá eagraithe ag Ollscoil na hÉireann; Acadamh Ríoga na hÉireann agus Scoil na Staire in UCD i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, a bheidh ar siúl i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann ar an 6 Márta. Mhair gairm pharlaiminteach Redmond 37 bliain agus is fíor-oiriúnach go ndéanfaidh an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, T.D., an t-aitheasc tosaigh, ina ndéanfaidh sé machnamh ar 100 bliain de thraidisiún parlaiminteach na hÉireann.

I ndiaidh an tsiompóisiam, cuirfear Dioscúrsa Acadamh Ríoga na hÉireann ar siúl, ag a seolfaidh an Taoiseach, Leo Varadkar, T.D., foilseachán Alvin Jackson, Judging Redmond and Carson: comparative Irish lives.

Chomh maith leis sin, titfidh comóradh cathartha amach ag Reilig Shráid Eoin i Loch Garman, faoi stiúir Chomhairle Contae Loch Garman agus le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Cuirfidh tionscadal digitithe na Leabharlainne Náisiúnta – I dtreo Poblachta – rochtain saor in aisce ar líne don ghlúin nua ar fáil ar pháipéir phearsanta John Redmond. Bronnfaidh na foinsí saibhre cartlainne seo agus na díospóireachtaí agus an plé éagsúil a mhúsclaíonn siad, léargas nua orainn ar imeachtaí aonair stairiúla an trátha sin, chomh maith leis an deis chun scrúdú a dhéanamh ar conas a d’imir gach imeacht tionchar ar an gcéad imeacht eile.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Madigan:

‘D’imir John Redmond agus Páirtí Parlaiminteach na hÉireann tionchar ar roinnt de na himeachtaí ba chlaochlaithí a mhúnlaigh stair na hÉireann agus an domhan nua-aimseartha, i rith tréimhse ina raibh athrú ollmhór polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha ag titim amach. Ba mhaith liom moladh a thabhairt don Dr Maurice Manning agus dár gcomhpháirtithe go léir as ucht a bhfíse agus a n-uaillmhéine i dtacú le forbairt an chláir an-oiriúnaigh chomórtha seo chun aitheantas a thabhairt don mhéid a chuir John Redmond le Stát na hÉireann a bhí ag teacht chun cinn, a mhair gairm pharlaiminteach 37 bliain'.

Níor ghlac comhchuimhne mhuintir na hÉireann riamh le Redmond mar dhuine de d’aithreacha miotasacha na hÉireann a bhí chomh tábhachtach céanna le hiarcheannairí na gluaiseachta bunreachtúla náisiúnaí nár éirigh ar deireadh leo, ar nós Daniel O’Connell agus Charles Stewart Parnell. Léirigh John Dillon ina mharbhna cois uaighe in ómós Redmond go bhfuil súil aige leis an méid seo a leanas...
‘Time will do justice to his work and to his statesmanship and all the people of Ireland, even those who today misunderstand him, will, in time to come, understand the greatness of his life and of his work and of the unselfishness of his career’...

'One hundred years after his death, we have a new opportunity to commemorate and re-assess John Redmond's life and complex legacy – a legacy that has, until now, often been misunderstood and overshadowed. By re-examining our complex past and how individual events of 100 years ago each impacted upon the next, we give key participants in the events of that time, such as John Redmond, their rightful place in history'.


Dúirt an Dr Maurice Manning, Seansailéir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh:


‘Le breis agus daichead bliain, rinne an Páirtí Éireannach Éire na náisiúnaithe a stiúradh agus labhairt ar a son, agus bhain sé athchóiriú móraagus marthanach amach agus inar leagadh bunchloch ár ndaonlathais mharthanaigh pharlaimintigh lena linn. Cuid bhunúsach de stair na hÉireann sa nua-aois í stair an Pháirtí'.