Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan Infheistíocht €1.2m i 30 tionscnamh nua faoin gCiste Náisiúnta Ildánachta mar chuid de Chlár Éire Ildánach

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, sonraí maidir le 30 tionscnamh agus tionscadal a bhfuil tacaíocht á fáil acu ó Chlár Éire Ildánach mar chuid de Chiste nua Náisiúnta Ildánachta. 

Cuideoidh an Ciste Náisiúnta Ildánachta le Clár Éire Ildánach tionscnaimh, tionscadail taighde agus cláir phobail cheannródaíocha agus nuálacha, a mbeidh an ildánacht agus an fholláine ina gcroílár, a ghníomhú agus a éascú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Trí bhíthin sraith comhpháirtíochtaí straitéiseacha le heagraíochtaí cultúrtha, institiúidí oideachais agus acadúla agus speisialtóirí cúraim sláinte, is tionscadail uaillmhianacha, nuálacha agus uileghabhálacha iad na tionscadail a roghnaíodh agus cuideoidh siad le bonn eolas a chur faoi fhís Chlár Éire Ildánach ar fud an Rialtais, agus í a chur i bhfeidhm. Déanfar os cionn €1.2m a infheistiú sa 30 tionscnamh thar shaolré an Chiste in 2018 agus 2019.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan:

Is cúis áthais dom sonraí a fhógairt maidir leis an 30 tionscnamh iontach, uaillmhianach a dtacófar leo mar chuid den Chiste Náisiúnta Ildánachta nua de chuid Chlár Éire Ildánach. Le gach ceann de na tionscnaimh seo, cuirtear deiseanna ar fáil do níos mó imeachtaí áitiúla comhtháite rannpháirtíochta a bheidh dírithe ar an bpobal agus a mbeidh baint acu le gach gné den ildánacht agus den fholláine - an dea-shláinte, comhtháthú agus seasmhacht pobail, mar aon le tógáil líonraí láidre sóisialta, cultúir, ealaíon agus geilleagar áitiúil.


Tá an comhoibriú ag croílár Chlár Uile-Rialtais Éire Ildánach agus is cúis ar leith áthais dom a thabhairt faoi ndeara raon na gcomhpháirtíochtaí nua agus samhlaíocha atá ar liosta na dtionscadal ar éirigh leo. Léiríonn siad sin an nasc atá de shíor ag fás idir ghairmeacha na na n-ealaíon agus na sláinte, idir ár n-oideachasóirí agus lucht na n-ealaíon, gach duine acu ag obair ina réimse féin i dtreo sprioc coiteann chun ár bhfolláine aonair agus chomhchoiteann a chur chun cinn. Táim ag tnúth le torthaí agus léargais na dtionscnamh seo a roinnt le mo chuid comhghleacaithe inár ngníomhaireachtaí agus Ranna Rialtais comhpháirteacha.