Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan ceapacháin chun na Comhairle Ealaíon

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, na ceapacháin seo a leanas chun na Comhairle Ealaíon:-

  • Sinéad Moriarty don téarma sé mhí atá fágtha d’fholúntas reatha agus athcheapfar chun téarma iomláin í in Eanáir 2019.
  • Mark O’Kelly don téarma sé mhí atá fágtha d’fholúntas reatha agus athcheapfar chun téarma iomláin é in Eanáir 2019.
  • Fearghus Ó Conchúir don téarma 3.5 bliana atá fágtha d’fholúntas reatha go dtí Nollaig 2021.

Tagann na ceapacháin seo sna sála ar ghairm phoiblí ar iarratais ar www.Stateboards.ie agus próiseas measúnaithe.

Ag labhairt di faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Madigan:

Is cúis áthais dom triúr iarratasóirí atá chomh cumasach céanna a cheapadh agus déanaim comhghairdeachas leo faoina gceapacháin.
Guím gach rath ar an triúr ceapaithe sna téarmaí atá rompu agus gabhaim buíochas leo as na róil thábhachtacha seo a ghlacadh.