Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan clár de bhreis is 300 imeacht saor in aisce mar chuid de Chruinniú na nÓg – lá náisiúnta ildánachta do leanaí agus do dhaoine óga

Inniu, (Dé Céadaoin, 30 Bealtaine), d'fhógair Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta réimse iomlán imeachtaí agus tionscnamh ar fud na tíre mar chuid de Chruinniú na nÓg, tionscnamh de Chlár Éire Ildánach.

Tarlóidh lá náisiúnta nua ildánachta do leanaí agus do dhaoine óga, Cruinniú na nÓg an 23 Meitheamh 2018 i ngach contae in Éirinn. Tá sé mar aidhm aige rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i gcultúr agus in ildánacht a cheiliúradh agus a spreagadh i ngníomhaíochtaí amhail ceardlanna ealaíne, ceoil, códaithe agus amharclainne, léirithe, taispeántais, léamha, teilgean scannán agus i bhfad níos mó.

Arna chur i láthair i gcomhpháirtíocht leis an 31 údarás áitiúil agus RTÉ, tarlóidh breis is 300 imeacht leanbhlárnach i mbailte agus i gcomharsanachtaí áitiúla ar fud na tíre.  Tá na himeachtaí ar fad saor in aisce agus bunaithe ar ghníomhaíocht, le go leor deiseanna ann do dhaoine óga leas a bhaint as a samhlaíocht agus a n-ildánacht a dhíghlasáil trí ‘déanamh’ agus rud éigin nua a thriail!  Tá an tionscnamh seo á rolladh amach ag na Foirne Cultúir laistigh de gach Údarás Áitiúil ar fud na tíre mar chuid de Chlár Éire Ildánach.

I dteannta an Aire Madigan ag an bhfógra inniu bhí mic léinn ó Bhunscoil Naomh Éana, a bhí ag obair le hOrla Kaminska, ealaíontóir, ar mhúrphictiúr nua a chruthú dá bhfalla scoile mar chuid de chlár Chruinniú na nÓg Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, atá dírithe ar thionscadail ildánachta faoi stiúir daoine óga féin ina gceantair féin.  Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Madigan:

Tá áthas orm inniu raon iomlán imeachtaí agus tionscnamh spreagúla agus spraoi a chur i láthair ar fud na tíre an 23ú Meitheamh mar chuid de chéad Chruinniú na nÓg seo againne.  Is cuireadh mór é do pháistí agus do dhaoine óga de gach aois teacht amach agus rud éigin nua agus ildánach a dhéanamh i do phobal féin.  Beidh rud éigin ann do chách – ceardlanna damhsa i gCiarraí, scríbhneoireacht ildánach i nDún na nGall, ceardlanna códaithe in Uíbh Fhailí, ceardlanna ceoil i gCathair Chorcaí, cath na mbannaí, tionscadail ealaíne idirghníomhacha agus picnicí ceoil i gCathair Bhaile Átha Cliath.

Lean sí lena cuid cainte:

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hÚdaráis Áitiúla agus le comhordaitheoirí Chlár Éire Ildánach go háirithe as cuidiú linn an clár nua imeachtaí seo a reáchtáil - rud a chumasaíonn ildánacht ár bpáistí agus an aosa óig go léir mar phríomhthosaíocht do Chlár Éire Ildánach agus táim ag tnúth le bheith ag freastal ar imeachtaí i mo cheantar féin an 23ú Meitheamh.

Is tionscnamh Cruinniú na nÓg de Chlár Éire Ildánach sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus cuirtear i láthair é i gcomhpháirtíocht leis na hÚdaráis Áitiúla agus RTÉ.

Is féidir sonraí faisnéise agus imeachtaí Cruinniú na nÓg a fháil ag  creative.ireland.ie/cruinniu #MyCruinniu 

Nóta do na hEagarthóirí

Is tionscnamh uile-Rialtais cúig bliana, ó 2017 go 2022, é Clár Éire Ildánach, a bhfuil sé mar aidhm leis an ildánacht a chur i gcroílár an bheartais phoiblí. Tá sé tógtha ar chúig cholún: Cumasú AcmhainneachtIldánach Gach Linbh; Bonn a Chur faoin Ildánacht i nGach Pobal; Infheistíocht in Infreastruchtúr na hIldánachta agus an Chultúir; Éire mar Lárionad Barr Feabhais maidir le Léiriúchán na Meán; Clú na hÉireann ar fud an Domhain a thabhairt le Chéile. Tá tuilleadh eolais maidir le hÉire Ildánach ar fáil ag creative.ireland.ie nó ar Facebook agus Twitter @creativeirl

Ag tógáil ar an rath a bhí ag imeachtaí Chruinniú na Cásca na bliana seo caite, agus príomhthionscnamh de Phlean na hÓige Ildánaí chun ildánacht gach páiste agus duine óg a chumasú, tá clár imeachtaí áitiúla forbartha ag gach ceann den 31 Údarás Áitiúil sa tír chun deiseanna a thaispeáint agus a roinnt do leanaí agus do dhaoine óga. Beidh páistí idir 0 agus 18 mbliana d’aois ábalta taithí a fháil ar mhórán gníomhaíochtaí le béim ar rannpháirtíocht ina gcontaetha baile.

Tá creideamh daingean mar bhunús le Plean na hÓige Ildánaí, ar cheann de 18 ngníomhaíocht é Cruinniú na nÓg, go gcóiríonn rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ildánacha agus cultúrtha idir dhamhsa is amhránaíocht an t-aos óg rath a bheith orthu agus cuidíonn leo scileanna a fháil a rachaidh chun tairbhe dóibh ar feadh a saoil.

Tá clár Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do Cruinniú na nÓg dírithe ar ghníomhaíochtaí i mbruachbhailte, i gcomharsanachtaí agus i sráidbhailte na cathrach, ag cumasú do dhaoine óga teacht ar ildánacht mar a gcónaíonn siad, ina bpobail agus lena gcairde agus a dteaghlach. Ó eispéiris chultúir atá coimeádta go speisialta do leanaí ar a bhfuil tinneas ainsealach in ospidéil Bhaile Átha Cliath go gasóga ag gabháil amhráin mhara ar Chnocán Doirinne, ó mhaisithe ceoil i mBaile Formaid go cruthú mósáice sna Saoirsí, tionscadail a thionscain agus a d'fhorbair foirne ildánacha agus cultúrtha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, cuirfear i láthair iad in ionaid chultúrtha, leabharlanna agus spásanna pobail na cathrach an 23 Meitheamh. Ina theannta sin, beidh 21 leabharlann uile Chathair Bhaile Átha Cliath i mbun gníomhaíochta ildánaí ar an lá, faoi stiúir gairmithe ildánacha ó shaol amharclainne, damhsa, ceoil, ceoldráma, scannán, sorcas, feidhmíochta, faisin, grianghrafadóireachta, amharcealaíon, ealaíon digiteach, litríocht agus níos mó.