Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan go mbeidh maoiniú € 1.3m ag 76 thionscadal ó Chiste Struchtúr i mBaol 2018

D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, inniu go mbainfeadh 76 thionscadal oidhreachta ar fud an stáit leas as €1.3m ó Chiste Struchtúr i mBaol 2013.

Tacaíonn Ciste na Struchtúr i mBaol (SRF) le hoibreacha caomhantais do struchtúir stairiúla, in úinéireacht phríobháideach agus phoiblí araon, atá i mbaol meathlaithe. Spreagann an Ciste athghiniúint agus athúsáid na n-airíonna oidhreachta agus cabhraíonn sé le struchtúir chosanta a d'fhéadfadh a bheith caillte ar shlí eile a dhaingniú.  

Ciste na Struchtúr i mBaol maoinithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus á riaradh ag údaráis áitiúla.

I gcomhréir le gealltanais an Rialtais faoi Phlean Gníomhaíochta do Thodhchaí Inbhuanaithe Theach Stairiúil na hÉireann, bhí cuid de mhaoiniú faoi SRF 2018 in áirithe do thithe stairiúla in úinéireacht phríobháideach, agus tabharfar tacaíocht do dheich dtionscadal faoin ngné seo den scéim.

Tá liosta de na tionscadail rathúla faoi SRF 2018 ar fáil anseo.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Madigan:

“Tá foirgnimh oidhreachta agus struchtúir chosanta ag croílár stairiúil ár bpobal. Ní hamháin gur dea-rud infheistíocht inár n-oidhreacht thógtha don mhaoin aonair atá i gceist, ach cuireann borradh faoin bpobal áitiúil agus tacú le poist i scileanna tógála traidisiúnta, caomhnú agus turasóireacht. Tá ról tábhachtach ag an saghas infheistíochta seo freisin chun tacú le pobail chun an limistéar ina gcónaíonn agus a n-oibríonn siad a athghiniúint.

 

Gheobhaidh foirgnimh agus séadchomharthaí suntasacha ar fud na tíre tacaíocht ón gCiste Struchtúir i mBaol i 2018, ó Chaisleán Mhala i gCo. Chorcaí go Mainistir Ráth Maoláin i nDún na nGall. Tabharfar tacaíocht do struchtúir stairiúla éagsúla, idir theachíní agus chaisleáin, choraí, thithe loca, gheataí agus stáblaí.

 

Tá áthas orm na deontais seo a fhógairt a thacaíonn le húinéirí agus le caomhnóirí ár dtimpeallacht thógtha stairiúil, ag cabhrú leo todhchaí an chuid thábhachtach seo dár n-oidhreacht chultúrtha a chinntiú.

 

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na húdaráis áitiúla as a gcuid oibre i riaradh an Chiste a bhfuil tionchar dearfach aige ar struchtúir chosanta ar fud an stáit. Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt don fhreagra ó úinéirí príobháideacha agus a dtoilteanacht cistí móra príobháideacha a scaoileadh agus infheistiú inár n-oidhreacht thógtha.”