Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire freagrach as Cosaint, Paul Kehoe, maoiniú maidir le hOiliúint Seoltóireachta Éireann (STIRL)

Inniu, d’fhógair an tAire freagrach as Cosaint, An tUasal Paul Kehoe, maoiniú maidir le hOiliúint Seoltóireachta Éireann (STIRL).

D’fhógair an tUasal Kehoe, i dteannta leis an Aire le freagras as Míchumais Finian McGrath, soláthar deontas de €85,000 i 2019 agus arís i 2020 a úsáidfear ar mhaithe le forbairt óige.

Bainfidh ógánaigh ó cheantair faoi mhíbhuntáiste agus san earnáil mhíchumais tairbhe as an maoiniú, faomhaithe ag an gComh-aireacht i mí na Nollag.

Carthanas cláraithe isea Oiliúint Seoltóireachta Éireann (CHY 20067) lonnaithe i mBaile Átha Cliath a bhunaigh triúr duine i 2011 a raibh baint acu cheana féin leis an Asgard.

Is é an cuspóir atá ag oiliúint Seoltóireachta ná forbairt óige seachas díreach seoltóireacht a mhúineadh do dhaoine. Is difríocht thábhachtach í seo.

I 2018, chuir Oiliúint Seoltóireachta Éireann 341 ógánach ar árthaí um oiliúint seoltóireachta. Bhí cúlraí faoi mhíbhuntáiste ag 90% de na hógánaigh sin. Níl úinéireacht ag Oiliúint Seoltóireachta Éireann ar árthach agus ní fheidhmíonn sé árthach. In ionad sin cairtfhostaíonn sé árthaí de réir mar atá riachtanach.

Seo múnla difriúil ón árthach um oiliúint seoltóireachta a bhí ag an stát roimhe seo – an Asgard a chuaigh go tóin poill amach ó chósta na Fraince i 2008.

Roghnaíonn eagraíochtaí ainmniúcháin na hoiliúnaithe, mar shampla an FSS, Tionscadail Athstiúrtha an Gharda Síochána, Tusla, Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann agus Comhairle Dídeanaithe na hÉireann chun roinnt dóibh a ainmniú.

Sholáithrigh iomlán de 37 eagraíocht ainmniúcháin oiliúnaithe le haghaidh socrúcháin i 2018.

Fobraítear scileanna ar nós cumarsáid, ceannaireacht, muinín agus obair bhuíne agus oiliúnaithe ar bord árthach um oiliúint seoltóireachta.

Freastlaíonn Oiliúint Seoltóireachta Éireann ar ógánaigh faoi mhíchumas chomh maith chun tairbhe a bhaint as an oiliúint seoltóireachta. Go deimhin, i 2018, ba dhaoine óga faoi mhíchumas os cionn 25% dóibh siúd a cuireadh ar aistir.

Maidir le cothromaíocht inscne, as na 341 oiliúnaithe i 2018, bhí 185 dóibh fireann agus 156 dóibh baineann. Anuas ar sin tagann na hoiliúnaithe ó níos mó ná 25 contae in Éirinn a chuimsíonn 5 contae i dTuaisceart Éireann.

Tá an poitéinseal ag an leibhéal maoiniúcháin atá á sholáthar ag an Rialtas láir i 2019 agus 2020, 50 áit sa bhreis a sholáthar d’ógánaigh ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste i ngach ceann de na blianta sin.


Ag labhairt ag ócáid ar bord an árthaigh Brian Boru ag Club Luamh an Phoill Bhig i mBaile Átha Cliath, dúirt an tAire Kehoe:

Bhí deacrachtaí agus cruatain suntasacha ina saolta ag go leor de na hógánaigh a roghnófar do na tionscadail seo. 

I gcásanna áirithe, thug na deiseanna soláthartha ag Oiliúint Seoltóireachta Éireann an seans d’ógánaigh a saolta a athrú ó bhun go barr.
Ba mhaith liom tréaslú leis an obair atá curtha ar bun ag Oiliúint Seoltóireachta Éireann le blianta beaga anuas agus guím gach rath orthu don bhliain atá amach romhainn.


Ag labhairt ag an ócáid freisin, bhí an tAire McGrath, a dúirt:


Tá a dtiomantas chun obair le daoine le míchumas léirithe arís eile ag Oiliúint Seoltóireacht Éireann agus tá áthas an domhain orm a bheith mar chuid d’ócáid an lae inniu.


Tá oifigigh ón Roinn Cosanta ag plé le Príomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach Oiliúint Seoltóireachta Éireann chun a chinntiú go bhfuil gnáthaimh chosanta leanaí in ionad agus chun rialachas cuí agus riachtanais airgeadais a chur chun críche, sula n-íocfar an deontas.

Ag deireadh tréimhse dhá bhliain, cuirfidh an Roinn athbhreithniú ar bun i leith aschuir agus torthaí an chaiteachais.


Nótaí do na heagarthóirí;
Tá Oiliúint Seoltóireachta Éireann bunaithe i na Croise Thuaidh i mBaile Átha Cliath. Is é Daragh Sheridan an Príomhfheidhmeannach agus is é Seamus McLoughlin an Cathaoirleach. I 2018, chuir siad 341 ógánach ar aistir.

Tá sonraí teagmhála do Daragh Sheridan, CEO STIRL;
daraghsheridan@sailtrainingireland.com
086 381 8796