Foilsithe ar 

Foilsiú an dara scéim de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Acht na dTeanga Oifigiúla 2003 fogartha ag an Aire Creed

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, inniu gur foilsíodh an dara Scéim de chuid a Roinne maidir le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, mar a éilítear faoi Alt 15 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Dúirt an tAire Creed:

“Cuirim fáilte roimh fhoilsiú an dara Scéim Gaeilge de chuid mo Roinne, ina bhféachtar le feabhas a chur ar sheirbhísí do chustaiméirí i nGaeilge”.

Is é cuspóir na Scéime nua cur lenár soláthar seirbhísí i nGaeilge. Tá na bearta atá leagtha amach sa Scéim sa bhreis ar na seirbhísí atá i bhfeidhm sa Roinn cheana féin agus mar a éilítear faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 iad. Cuireann an Scéim seo le tiomantas na Roinne maidir le seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí agus maidir lena chinntiú gur féidir le custaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge é sin a dhéanamh.

Beidh an Scéim seo, a thagann in áit Scéim na Roinne roimhe seo, i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón lá inniu go gceadófar scéim nua.

Is féidir an scéim a fheiceáil here ar láithreán gréasáin na Roinne.