Foilsithe ar 

Infheistíocht a Dhéanamh inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018 – 2027

Fógraíonn an tAire Josepha Madigan plean a bhfuil sé i gceist leis €1.2 billiún a infheistiú inár mbonneagar cultúir, oidhreachta agus teanga mar chuid den Tionscadal Éire 2040

€460 milliún dár bhForais Chultúir Náisiúnta;

€265 mhilliún do chlár infheistíochta cultúir agus cruthaitheachta;

€285 mhilliún don oidhreacht nádúrtha agus thógtha;

€178 milliún don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hOileáin;

-Cuirtear tuilleadh sonraí faoin miondealú ar an gclár infheistíochta ar fáil inár bplean earnála dar teideal Infheistíocht a Dhéanamh inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht, ar féidir é a léamh anseo

Is é atá in Infheistíocht a Dhéanamh inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht 2018 – 2027 ná plean deich mbliana ina leagtar amach gealltanas an Rialtais go ndéanfaí infheistíocht chaipitil is fiú geall le €1.2 billiún i gcultúr, teanga agus oidhreacht na hÉireann. 

An Taoiseach Leo Varadkar, Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus Joe McHugh, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin, bhí siad i gcuideachta an Aire Madigan ag fóram speisialta ar seoladh an plean lena linn.

Is iad seo na Tionscadail Tosaíochta faoin gClár Infheistíochta €460 milliún sna Forais Chultúir Náisiúnta:

- Athchóiriú Leabharlann Náisiúnta na hÉireann;

- Athchóiriú Chartlann Náisiúnta na hÉireann;

- Athfhorbairt mháistirphlean Ard-Mhúsaem na hÉireann;

- Athchóiriú an Cheolárais Náisiúnta;

-  Athfhorbairt Dhánlann Ealaíne Crawford;

-  Athfhorbairt na hAmharclainne Náisiúnta;

-  Athchóiriú Áras Nua-Ealaíne na hÉireann;

-  Gailearaí Náisiúnta na hÉireann – tuilleadh céimeanna d’athfhorbairt an mháistirphlean;

-  Feabhsuithe ar Leabharlann Chester Beatty.

 

Beidh clár infheistíochta €265 mhilliún sa Chultúr agus sa Chruthaitheacht ag teacht go dlúth leis na colúin den chlár Éire Ildánach a bhaineann le bonneagar cultúrtha, pobail chruthaitheacha agus tionscail chruthaitheacha. 

  • Infheisteofar €200 milliún inár dtionscadail bheoga léirithe meán agus closamhairc, rud a mbeidh dea-thionchar aige fud fad na tíre;
  • Is é a bheidh i gceist le clár €40 milliún um infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar cultúrtha ar fud na réigiún go léir ná go dtacófar le cothabháil agus forbairt a dhéanamh ar ionaid réigiúnacha ealaíon, ar amharclanna, ar mhúsaeim réigiúnacha, ar ghailearaithe, ar chartlanna, ar shaoráidí ilúsáide agus ar stiúideonna ealaíontóirí, i measc nithe eile;
  • Clár náisiúnta infheistíochta digitithe €10 milliún ina ndéanfar bailiúcháin náisiúnta a dhigitiú thar thréimhse an phlean, rud a thacóidh le caomhantas, caomhnú agus scaipeadh na mbailiúchán náisiúnta;
  • Agus í ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, gheobhaidh Gaillimh cistiú is fiú €15 mhilliún le haghaidh a cláir chultúir faoin bPlean.

 

Tionscadail Tosaíochta – Faoin gClár Oidhreachta €285m

  •  Clár infheistíochta €50 milliún inár bpáirceanna náisiúnta agus inár n-anaclanna dúlra fud fad na tíre chun eispéireas cuairteora den chéad scoth a sholáthar do na 4 mhilliún duine a thugann cuairt ar na Páirceanna gach bliain;
  • €85 mhilliún a infheistiú inár dtimpeallacht stairiúil.  Áireofar leis sin tionscnaimh a bhfuil mar aidhm leo croílár stairiúil lárionad uirbeach a athbheochan, Canáil Uladh agus uiscebhealaí intíre a athchóiriú, sócmhainní oidhreachta amhail Stáisiún Cábla Dhairbhre a chothabháil agus a chosaint, agus infheistíochtaí a bhfuil mar aidhm leo rochtain phoiblí a fheabhsú ar fhoirgnimh stairiúla agus iad a athchóiriú lena gcur i mbun úsáide an athuair;
  • Clár infheistíochta €60 milliún inár nOidhreacht Thógtha náisiúnta.  Faoin snáithe seo, déanfar infheistíochtaí inár n-oidhreacht thógtha, Séadchomharthaí Náisiúnta san áireamh, a chosaint agus a chaomhnú tríd an Scéim Infheistíochta Oidhreachta Tógtha agus trí Chiste na nDéanmhas Stairiúil.

 

Is iad seo a leanas na tionscadail tosaíochta faoin bPlean €178m le haghaidh infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeltacht, sa Ghaeilge agus sna hoileáin:

  • €33 mhilliún a infheistiú i ngníomhartha a bhfuil mar aidhm leo tacú leis an bPróiseas Pleanála Teanga Gaeltachta; 
  • €105 mhilliún a infheistiú i limistéir Ghaeltachta trí Údarás na Gaeltachta.  Áireofar leis sin allúntas caipitil bhliantúil an Státchiste d’Údarás na Gaeltachta a mhéadú go €12 mhilliún, cur chuige a chruthóidh 1,000 post gach bliain agus a chuirfidh ar chumas an Údaráis punann maoine na heagraíochta a uasghrádú;
  • €13 mhilliún chun tacú le Líonraí Gaeilge agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta, trí ionaid teanga agus chultúir a fhorbairt ar fud na tíre agus lárionad a fhorbairt chun tacú le pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath;
  • €27 milliún chun feabhas a chur ar bhonneagar muirí d’Inis Oírr, Inis Meáin agus Oileán Thoraí.

 

Ag labhairt di ag an ócáid inniu, dúirt an tAire Madigan:

“Tá ríméad orm an plean stairiúil infheistíochta caipitil seo inár gcultúr, inár dteanga agus inár n-oidhreacht a sheoladh. Is é an toradh atá ar an infheistíocht shuntasach seo go mbunathrófar ár mbonneagar cultúrtha agus oidhreachta chun feabhais fud fad na tíre.  Ina theannta sin, is ráiteas tábhachtach é don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht, á rá gur cuid dhílis de shaol gach duine iad an cultúr, an teanga agus an oidhreacht.  Téann siad i bhfeidhm ar ár n-oideachas, ar ár bhfoirgnimh phoiblí agus ar ár spásanna poiblí.  Téann siad i bhfeidhm ar an gcaidreamh idir an saoránach agus an Stát agus ar an gcaidreamh i measc saoránach.  Baineann siad lenár bhféiniúlacht agus lenár luachanna. Is é atá sa bhonneagar cultúrtha ná timpeallacht chairdiúil do gach duine dínn, áit ar féidir linn teacht le chéile, smaointe a chomhroinnt, coincheapa nua a cheapadh agus féidearthachtaí a shamhlú. Mar thoradh ar an bhfógra seo, tá ríméad orm gur chomhlíonamar colún tábhachtach den Chlár Éire Ildánach.”

 

Ag labhairt dó ag an ócáid inniu, dúirt An Taoiseach:

‘Cultúr, ceol agus ealaín na hÉireann agus an Ghaeilge, is iad sin an chéad léargas a fhaigheann an domhan mór orainn. Is gné lárnach iad den dea-íomhá atá ag daoine dínn agus den dea-cháil atá orainn ar fud an domhain. Saibhríonn an cultúr agus an chruthaitheacht ár saol; is cuid shuntasach dár ngeilleagar iad, áit a bhfuil daoine fostaithe i ngach cearn d’Éirinn; agus brúnn siad an turasóireacht chun cinn. Is ar na cúiseanna sin ar fad a chuireamar pacáiste infheistíochta deich mbliana le chéile don chultúr. Is pacáiste lánchistithe é, atá mar chuid de phlean an Tionscadail Éire 2040. Cabhraíonn sé go mór leis an ngealltanas atá tugtha agam a chomhlíonadh, is é sin, caiteachas an rialtais ar na healaíona, ar an gcultúr agus ar an oidhreacht a mhéadú faoi dhó thar an gcéad seacht mbliana eile.

 

‘Tá infheistíocht á déanamh againn sna hionaid tionóil, sna ceolárais agus sna músaeim ina gcuirtear ár gcultúr i láthair ar fud na hÉireann agus inár gcathracha. Tá infheistíocht á déanamh againn in ealaíona áitiúla agus i gcultúr áitiúil, inár bpáirceanna náisiúnta agus inár séadchomharthaí stairiúla agus tá tuilleadh bailiúcháin náisiúnta á ndigitiú againn chun a chinntiú gur féidir taitneamh a bhaint astu i ngach áit. Agus tá infheistíocht á déanamh againn sa Ghaeilge, laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh di araon. Ba mhaith liom an tAire Madigan agus mo chomhghleacaithe eile Rialtais a mholadh as na pleananna corraitheacha seo a fhíorú.’

 

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Donohoe:

“Ní fhacthas am ar bith riamh scála na hinfheistíochta inár mbonneagar cultúrtha agus oidhreachta atáimid ag fógairt inniu. Neartóidh an infheistíocht ár mboinn chultúrtha i ngach cearn den tír; cuirfidh sí ar ár gcumas forais chultúir den chéad scoth a chruthú; déanfaidh sí ár n-oidhreacht thógtha agus nádúrtha a chosaint agus a fheabhsú; agus tacóidh sí lenár bpobail Ghaeltachta agus Oileáin, rud a shoirbheoidh ár dteanga. Léirithe ar ár n-anam mar dhaoine atá inár gcultúr agus inár n-oidhreacht. Ní hé amháin go gcuireann infheistíocht sna nithe sin beocht ina bhfuil ionainn agus ina bhfuil le tairiscint againn do dhaoine ón gcoigríoch atá ag tabhairt cuairt ar an tír, ach is meabhrúchán é freisin gur cheart dúinn úsáid a bhaint as ár n-éachtaí agus ar a bhfuil bainte amach againn thar na blianta. Trína chinntiú go bhfuil go leor acmhainní ag ár n-earnáil oidhreachta maidir lenár bpáirceanna agus lenár n-anaclanna dúlra de, cosnaítear ár n-áiteanna sáráilleachta chun go bhfuiltear in ann taitneamh a bhaint astu san am i láthair agus go mbeifear in ann déanamh amhlaidh san am atá le teacht. Leis an infheistíocht seo a dhéanfar sna deich mbliana atá le teacht, taispeántar tiomantas an Rialtais don earnáil agus leagtar béim ar an tábhacht a leagaimid ar chosaint na hearnála do na glúnta atá le teacht.” 

 

Dúirt an tAire Stáit McHugh:

“Cuirfidh an cistiú seo ar ár gcumas fíordhifear a dhéanamh do phobail Ghaeilge agus do líonraí Gaeilge laistigh den Ghaeltacht agus lasmuigh di agus dóibh sin atá ar na hOileáin.  Beimid ag tabhairt tús áite d’infheistíochtaí a chabhróidh leis na pobail sin a chothú agus beimid ag cruthú deiseanna do níos mó daoine ar fud na tíre baint a bheith acu leis an nGaeilge.”