Foilsithe ar 

Ionchúiseamh i sealgaireacht mhídhleathach ar ghiorriacha le luirsirí i gContae Mhaigh Eo bainte amach ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

Ta ciontú faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra maidir le giorriacha a fhiach go mídhleathach le luirsire bainte amach ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, trína Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Is ainmhí cosanta é an giorria sléibhe Éireannach faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra.

Tugadh an cás chun críche i gCúirt Dúiche Bhéal an Mhuirthead an 11 Meán Fómhair os comhair an Bhreithimh Lydon. Cuireadh toghairm ar chúigear mar gheall ar ghiorriacha a fhiach le madraí agus mar gheall ar bheith i seilbh giorria marbh sa Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo an 9 Eanáir 2018.  Thug Leonard Floyd, maor caomhantais le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) na Roinne cuntas sa chúirt ar mar a stop sé féin agus oifigigh eile de chuid NPWS, a raibh baill den Gharda Síochána in éineacht leo, veain inar aimsíodh giorria marbh amháin mar aon le roinnt luirsirí.

D'ordaigh an Breitheamh Lydon go ndéanfadh gach duine de chúigear cosantóirí a phléadáil ciontach as bheith i seilbh giorria marbh suim €600 a íoc le Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe, atá le híoc laistigh de 5 mhí. Beidh fíneáil €750 i gceist má mhainnítear na suimeanna sin a íoc laistigh den tréimhse sin.

Cúis imní é giorriacha a bheith á bhfiach go mídhleathach agus d'fhéadfadh meath a bheith ar líon na ngiorriacha san áit mar gheall air. Leanann NPWS agus an Roinn d'oibriú leis an nGarda Síochána chun dul i ngleic leis an ngníomhaíocht mhídhleathach seo ar fud na tíre.