Foilsithe ar 

#LoveNature - Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta le ceiliúradh go fíorúil ó tharla imeachtaí amuigh ar athló

Sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, feachtas #DúilsaDúlra– togra arlíne chun aitheantas a thabhairt do Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta a bhí le reáchtáil ón lá inniu, an Luain 18ú go dtí an Aoine 22ú Bealtaine 2020.

De bharr constaicí atá i bhfeidhm chun Covid19 a mhaolú, bhí ar an Roinn na himeachtaí a bhí socraithe don tseachtain a chur ar athló. In ainneoin sin, tá sé mar aidhm ag an Roinn an feachtas arlíne #DúilsaDúlra a chur ar bun ina áit agus an pobal a spreagadh I dtaobh ábhar a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus caomhnú an nádúir.

Déanfaidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Seachtain Náisiúnta Bithéagsúlachta na bliana seo a cheiliúradh le sraith acmhainní fíorúla a bheidh dírithe ar an bpobal a mhealladh an dúlra a chaomhnú.

Ag baint leas as an haischlib #LoveNature, tabharfaidh an tionscnamh saineolaithe sa réimse seo le chéile in aon áit amháin.

Dé Luain an 18 Bealtaine a thosóidh sceideal Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta 2020 le Lá Domhanda na mBeach agus mar chuid den ócáid sin cuirfear sraith seisiún de chomhairle phraiticiúil ar fáil do theaghlaigh agus d’fheirmeoirí chun cuidiú le pailniú, atá riachtanach, ina ngairdíní féin nó ar a gcuid talún.

Is feachtas é #LoveNature a oibreoidh an dá bhealach: iarrfar ar dhaoine sa phobal a gcuid tarraingtí, péintéireachtaí, dánta, íomhánna nó físeáin den dúlra a phostáil leis an haischlib #LoveNature agus an Roinn a chlibeáil* Féadfaidh siad ábhar a sheoladh freisin chuig lovenature@chg.gov.ie, ábhar a mbainfear leas as chun físeán a dhéanamh a léireoidh an gean atá ag an tír ar ár n-oidhreacht nádúrtha. Déanfar an físeán seo a eisiúint an t-am céanna le buaicphointe na seachtaine: Lá Idirnáisiúnta na NA um Éagsúlacht Bhitheolaíoch Dé hAoine an 22 Bealtaine.

Ainneoin Covid-19, tá borradh faoin dúlra agus tá sin le sonrú inár gcuid gairdíní, ar ár gcuid feirmeacha agus feadh na siúlóidí atá laistigh den teorainn reatha 5k aclaíochta. Ní féidir imeachtaí fisiciúla a eagrú i mbliana, faraor, ach iarrfar ar theaghlaigh ar fud na tíre a gcuid a dhéanamh ar mhaithe leis an dúlra ar bhealach spraíúil ach sábháilte.

Spreag Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, TD, an pobal bithéagsúlacht a cheiliúradh roimh lá mór na bithéagsúlachta ar fud an domhain - Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe um Éagsúlacht Bhitheolaíoch.

Is féidir áit a dhéanamh don dúlra sa bhaile ach céimeanna beaga a ghlacadh

a dúirt an tAire.

Is féidir le comhairle phraiticiúil an tábhacht atá leis an mbithéagsúlacht a chur ina luí orainn - ó chuidiú leis na beacha pailniú go tuiscint a fháil ar an saibhreas fiadhúlra in Éirinn.

Tá stór eolais ar ghnáthnóga na tíre curtha i dtoll a chéile ag an Roinn, ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra chomh maith le go leor eile atá dílis don bhithéagsúlacht ar fud na tíre. Iarraim ar gach duine leas a bhaint as an eolas sin agus a léiriú dúinne an tábhacht atá leis an dúlra dóibhsean tríd an ealaíon, grianghrafadóireacht nó modh cruthaitheach de chineál ar bith eile.

I ndiaidh seachtain saineolais agus fíricí spraíúla ó #LoveNature ag leibhéal náisiúnta, díreofar ina dhiaidh sin ar thionscnaimh áitiúla ón Aoine an 22 Bealtaine. Beidh neart páirtithe leasmhara, grúpaí agus gníomhaireachtaí ag meabhrú theachtaireacht na bithéagsúlachta dúinn i mbailte agus i gcontaetha ar fud na tíre le feachtais bholscaireachta ón gComhairle Oidhreachta, Líonra Oifigeach Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil chomh maith le tionscnaimh ó Líonra Comhshaoil na hÉireann (IEN). I gcomhar le tionscadail leanúnacha de chuid Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) na Roinne chomh maith le hardáin meán sóisialta Notice Nature, beidh béim mhór ar an mbithéagsúlacht go dtí an 29 Bealtaine.

Díreoidh an Roinn agus gníomhaireachtaí amach sa bhliain ar mhórimeacht eile, Seachtain Ghlas na hEorpa, idir an Samhradh agus an Fómhar.

Nótaí don eagarthóir:

· Glacfar ceannas ar an bhfeachtas #lovenature ag leibhéal náisiúnta ar láithreán gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag www.chg.gov.ie agus ar ardáin meán sóisialta na Roinne.

· **Is féidir leis an bpobal an Roinn a chlibeáil ar na cuntais seo a leanas:

Twitter: @DeptAHG

Instagram: @Culture.Heritage.Gaeltacht

Facebook: @DepartmentofCultureHeritageGaeltacht

·Dé hAoine an 22 Bealtaine a bheidh Lá Idirnáisiúnta na NA um Éagsúlacht Bhitheolaíoch ar siúl. https://www.un.org/en/observances/biological-diversity-day

· Leanann Notice Nature de dhaoine a spreagadh feadh na bliana ar ardáin meán sóisialta: https://www.facebook.com/Notice-Nature-Ireland-1592145734437418/; https://twitter.com/Notice_Nature and https://www.instagram.com/noticenatureireland/

· Aonad ilfhreastail é an taonad Bhithéagsúlacht Éireann ina bhfuil go leor eolas faoi chúrsaí bithéagsúlachta na hÉireann agus in éineacht leis an obair a dhéantar feadh na bliana i dtaobh oideachas faoin dúlra beidh an t-aonad páirteach i #lovenature freisin https://www.biodiversityireland.ie/

·Beidh blitz sna meáin ag an gComhairle Oidhreachta ar fud na tíre agus tríd líonra na Comhairle: Féach https://www.heritagecouncil.ie/

· Coinneoidh Líonra Comhshaoil na hÉireann #lovenature i gcuimhne don phobal le sraith tionscnamh ón 22 Bealtaine; féach https://ien.ie/