Foilsithe ar 

Maoiniú deontais do thionscnaimh pobail tailte móna áitiúla in 2020 fógartha ag an Aire Stáit Malcom Noonan

Tá sé fógartha ag an Aire Oidhreachta agus Athchóirí Toghcháin Malcolm Noonan T.D. inniu (Cuir Isteach Dáta), go bhfuil maoiniú deontais díreach faoi bhun €107,000 ceadaithe aige do 8 ngrúpa agus eagraíocht pobail áitiúla le haghaidh tionscadail éagsúla atá dírithe ar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta portach ardaithe, Limistéir Oidhreachta Nádúrtha nó ceantair eile ina bhfuil portaigh ardaithe a chaomhnú agus a athbheochan.

 

Dúirt an tAire nuair a bhí an maoiniú á fhógairt aige go raibh áthas air an réimse éagsúil de thionscadail a chuir na grúpaí pobail agus eagraíochtaí timpeallachta seo ar aghaidh faoin  Scéim Rannpháirtíochta Pobail Tailte Móna in 2020 i rith tréimhse dhúshlánach agus go raibh sé socraithe aige dúbailt an mhaoinithe €50,000 a bhí le leithroinnt ar dtús a bhronnadh anois tar éis dó an leibhéal spéise a cuireadh sa scéim chomh maith le caighdeán na n-iarratas a fheiceáil. Tacóidh an maoiniú seo le conairí siúil agus siúlóide lúibe ar phortaigh i gContaetha Uíbh Fhailí, Ros Comáin, na Gaillimhe agus na hIarmhí a fhorbairt, a choinneáil agus a uasghrádú. Tacóidh sé le tionscadal carbóin móna, le comharthaíocht agus marcóirí le do bhealach a dhéanamh a chur suas ar bhóithre portaigh, le físeáin bholscaireachta agus láithreáin ghréasáin a dhéanamh, le suíocháin atá déanta as plaisteach athchúrsáilte agus suíocháin bhinse adhmaid a shuiteáil, le trap leamhan a shuiteáil agus staidéar araicnidí a dhéanamh, le seantrealamh portaigh a athchóiriú, le geataí rialaithe rochtana adhmaid a chur suas agus le dramhaíl a thabhairt chun bealaigh.

Thug an tAire moladh ansin don obair caomhnaithe dúlra atá déanta ar bhonn deonach ag grúpaí pobail áitiúla agus dúirt "le linn na géarchéime reatha seo, tá daoine feicthe againn ag cur spéis arís sa nádúr agus a bheith amuigh faoin spéir. Thabharfadh sé misneach duit an mórtas áite agus an sprid pobail sin agus daoine a bheith ag tacú le buntáistí caomhnaithe dá gcuid tailte portaigh áitiúla a fheiceáil. Gnáthóg ar leith atá againn anseo in Éirinn iad na tailte móna agus tá ról tábhachtach acu chun tacú leis an mbithéagsúlacht agus gníomhú ar son na haeráide chun leasa gach duine.

Theastaigh ón Aire Noonan a chur i gcuimhne do ghrúpaí agus eagraíochtaí pobail gur féidir iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú anois faoi Scéim Rannpháirtíochta Pobail Tailte Móna 2021 go dtí an 20 Samhain 2020.

  

Nóta don Eagarthóir:

 

Deontais a Bronnadh - Scéim Rannpháirtíochta Pobail Tailte Móna 2020

 

Eagraíocht

Suíomh an Tionscadail

Cur Síos ar an Tionscadal

Deontas a Bronnadh

Grúpa Caomhnúcháin Mhainistir Chluain Soileann

Obair chothabhála agus fásra a bhearradh faoi chéim 3 den obair fheabhsúcháin atá á déanamh ar bhóthar portaigh atá ann cheana ag Portach Chluain Creamha laistigh de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Loch Rí chomh maith le marcóirí le do bhealach a dhéanamh a shuiteáil.  

 

€12,605.33

Galway Telework Co-op Society Ltd

Obair chothabhála agus fásra a bhearradh ar bhóthar portaigh atá ann cheana ag Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Phortach Cheathrú na gCapall

 

€5,000.00

Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann

"Tionscadal Carbóin Phortach na Greallaí" a thabhairt chun críche ag Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta/Limistéar Oidhreachta Nádúrtha Phortach na Greallaí i gCo. na Mí ina gcuimsítear stafagrafaíocht móna agus méid na linne dé-ocsaíde carbóin a thréithriú chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar  cheapacha athnuachana aistrithe sfagnaim.

€3,581.98

Bailte Slachtmhara Chill Taobháin

Dhá shuíochán phlaisteacha a shuiteáil, bóthar a bhí ina bhóthar portaigh roimhe seo a oscailt arís, obair chothabhála a thabhairt chun críche ar chosán sheanbhóthar portaigh a osclaíodh roimhe seo, comhartha eolais a chur suas laistigh de SAC Loch Rí agus Féilire Bithéagsúlachta Chluain Láir 2021 a fhoilsiú. 

 €17,500

Físeán bolscaireachta 10 nóiméad faoi Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Phortach Choillidh Chonnaidh a dhéanamh, 3 shuíochán binse a shuiteáil, 1 trap leamhan soghluaiste chomh maith le ceallra litiam in-athluchtaithe a cheannach, bailiúchán de sheantrealamh portaithe a athchóiriú, staidéar araicnidí a thabhairt chun críche, láithreán gréasán tiomnaithe a chruthú chomh maith le taithí ar fholláine mheabhrach a chur ar fáil d'ábhair altraí meabhairshláinte, teaghlaigh agus úsáideoirí seirbhíse agus caint tráthnóna ar phortaigh ardaithe a thionóil.

 

€7,759

Pobalscoil Naomh Breandán

Bealach siúil déanta as plaisteach athchúrsáilte a chur in áit an chosáin adhmaid atá ann ar shiúlóid lúibe Phortach an Choilleáin.

€20,000

Grúpa Cónaitheoirí agus Forbartha Ceantair Bhéal Linne

Bóthar portaigh atá ann cheana a athchóiriú go dtí bail atá feiliúnach do ghníomhaíochtaí fóillíochta, fásra a bhearradh, geataí rialaithe rochtana adhmaid a chur suas agus le dramhaíl a thabhairt chun bealaigh.

 

€25,000

Gorthaganny Community Development Company Ltd

Tuilleadh obair dhromchlaithe a dhéanamh ar bhóthar rochtana laistigh de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Cheathrú Bheithí / na Cathrach lena chinntiú go bhfuil sé feiliúnach do gach úsáideoir.

€15,000

 

 

Is féidir tuilleadh sonraí chomh maith le Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime a fháil ar láithreán na Roinne (NPWS) ag https://www.npws.ie/peatlands-and-turf-cutting/peatlands-community-engagement-scheme