Foilsithe ar 

Maoiniú €32,000 chun sárthaispeántas a thabhairt d'ealaíontóirí óga agus le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn i Seisiúin Dianghlasála Hot Press fógartha ag an Aire Madigan

 D'fhógair an tAire Madigan tacaíocht óna Roinn inniu le haghaidh sraith nua imeachta beo a bheidh ar siúl ar feadh 40 oíche as a chéile a thabharfaidh léargas ar chuid den tallann nua agus tallann atá ag teacht chun cinn is fearr in Éirinn i 2020.

 

Faoin Hot Press Lockdown Young and Emerging Series beidh ceathracha oirfideach óga agus atá ag teacht chun cinn i dteannta Hot Press ar Instagram le haghaidh seisiún speisialta beo a mbeidh teacht ag daoine sa tír seo agus ag daoine ar fud an domhain air go sábháilte óna gcuid tithe féin san am dúshlánach seo. Is é aidhm na sraithe tacú leis an nglúin nua ar leith ceoil seo trí 40 seisiún íoctha le 40 oirfideach ar feadh 40 lá a chur fáil.

 

Dúirt an tAire Madigan inniu: 

Tá mo Roinnse dírithe ar chultúr na hÉireann a chur os comhair an phobail  anseo sa bhaile agus thar lear, agus an tairbhe a bhaineann leis ó thaobh sláinte an duine agus an phobal tré chéile a léiriú.  Sa chomhthéacs sin, tá ríméad orm a bheith ábalta cuidiú leis an gclár seo a bhaineann le ceoltóirí óga agus ceoltóirí atá ag teacht chun cinn le go dtabharfar ardán dóibh trí na Hot Press Lockdown Y&E Sessions.

 

Labhair Niall Stokes, Eagarthóir Hot Press, inniu chomh maith agus dúirt: 

Ceárta í Éire faoi láthair de cheol den scoth, agus tá ceoltóirí den scoth agus ceoltóirí breátha ag teacht chun cinn ar fud na seánraí go léir. Ach cuireadh bac orthu, ina n-aonar agus ina ngrúpaí, de bharr gur cuireadh stop iomlán le ceol beo mar gheall ar an gCoróinvíreas. D'éirigh thar barr leis na Seisiúin Dianghlasála, a cuireadh tús leo ag tús na géarchéime. Cuirfear clár breá ar fáil faoin 'The Y&E Series' a mbeidh tacaíocht ríthábhachtach aige ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, a thabharfaidh ardán do cheoltóirí a bhfuil tallann ceart acu agus cumas iontu, agus cuirfidh ardán, guth agus deis ar fáil dóibh le lucht spéise nua a mhealladh, ar fud an domhain, ag am seo an ghátair.

 

Craolfar gach seisiún beo, do dhaoine in Éirinn agus do dhaoine ar fud an domhain, ag 19:30 GMT ar leathanach Instagram Hot Press @hotpressmagazine ó Dé Luain an 15 Meitheamh.

 

I measc na gceoltóirí a bheas ag glacadh páirt an tseachtain seo chugainn tá Jafaris (15 Meitheamh), Stray Melody (16 Meitheamh), JYellowL (17 Meitheamh), Milk (18 Meitheamh), ROE (19 Meitheamh), Sion Hill (20 Meitheamh) and Celavie (21 Meitheamh).

 

CRÍOCH