Foilsithe ar 

Meabhraíonn an Aire Stáit Kyne do pháirtithe leasmhara go bhfuil an Plépháipéar ar Pholasaí Oileánda ar fáil ar shuíomh ghréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Tá meabhraithe do pháirtithe leasmhara ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, go bhfuil an Plépháipéar ar Pholasaí Oileánda ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Déantar cur síos sa phlépháipéar ar réimse leathan de na pholasaithe reatha atá in áit cheana féin agus atá mar thacaíocht do na hoileáin, maraon le creatlach den phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin atá le teacht sna míonna atá amach romhainn. 

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit

Meabhraím do na pobail oileánda go bhfuil an plépháipéar ar fáil don phobal ar shuíomh mo Roinne. Dréachtaíodh é i gcomhair leis na Ranna Stáit éagsúla le léiriú a thabhairt ar an réimse leathan tacaíochtaí atá ar fáil cheana féin do na hoileáin.  Tá mar aidhm againn anois a fháil amach cé na nithe eile gur féidir a dhéanamh, nó cé na hathruithe a theastaíonn ar na polasaithe reatha le cinntiú go ndéanfar pobail na n-oileán a chothú agus a fhorbairt.

Tá i gceist tabhairt faoin phróiséas comhairliúchán gan mhoill agus fógrófar an sceideal cuairteanna ar na hoileáin ar shuíomh idirlíon na Roinne agus go háitiúil.

https://www.chg.gov.ie/app/uploads/2019/12/2019-polasai-oileanda-plephaipear.pdf