Foilsithe ar 

Méadú tagtha ar líon na gcuairteoirí chuig láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta ó cuireadh tús le srianta Covid-19

Tá líon ollmhór daoine ag tabhairt cuairt ar láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta le cúpla seachtain anuas agus méadú breis is 54% tagtha ar chuairteanna chuig láithreán daonáirimh na Cartlainne

Tá méadú breis is 26% feicthe ag an gCartlann Náisiúnta le cúpla seachtain anuas ar líon na gcuairteanna ar líne agus níos mó daoine anois ag déanamh taighde ar stair agus ar ghinealas a muintire trí úsáid a bhaint as taifid daonáirimh 1901 agus 1911 ar líne chomh maith le leas a bhaint as saibhreas na staire a bhaineann leis an tír seo atá le fáil ar www.nationalarchives.ie a scrúdú.

Léiríonn na figiúirí atá curtha ar fáil gur tháinig méadú ó 4.4 milliún i mí Feabhra go 7 milliún i mí Aibreáin ar líon na gcuairteanna ar an daonáireamh ar líne agus méadú ó 605,000 in Eanáir go 1 mhilliún in Aibreán ar líon na bhfigiúirí chuig láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta.

Tháinig méadú ar thrácht ar chuntais meán sóisialta na Cartlainne Náisiúnta le cúpla mí anuas chomh maith le méadú 33% tagtha ar líon an lucht leanúna ar Instagram agus méadú 10% ar Twitter.

Dúirt Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Cultúir:

Is léiriú é an t-ardú atá tagtha ar na figiúirí, méadú nach bhfacthas riamh cheana, ar de réir mar atá daoine ag caitheamh níos mó ama sa bhaile gur mó an tóir atá acu ar na taifid atá curtha ar fáil saor in aisce ar bhonn amharctha ag an Stát. Taisce iontach staire é láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta, taisce atá ar fáil lena fhiosrú. Tá tugtha faoi deara againn go bhfuil méadú tagtha ar thrácht ar líne chuig go leor d’Institiúidí Náisiúnta Cultúir na tíre, Institiúidí atá ag déanamh a seacht ndícheall a mbailiúcháin a chur ar fáil ar líne agus acmhainní nua digiteacha a chur ar fáil don phobal le linn an ama seo.

Cibé más spéis atá agat eolas a fháil ar do mhuintir trí dhaonáireamh 1901 nó 1911, an bunchóip den Chonradh Angla-Éireann 1921, mar aon le cáipéisí digiteacha eile ón tréimhse sin, a léamh, an Titanic a thaispeáint do do pháistí agus í á tógáil, nó na buncháipéisí ó imeachtaí na Chéad Dála in 1919 a scrúdú, tá na cáipéisí sin agus neart cáipéisí eile mar aon le grianghraif agus físeáin sa Chartlann Náisiúnta a insíonn scéal Stát na hÉireann ó bunaíodh é.

Déanann an Chartlann Náisiúnta, faoin Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, taifid Stát na hÉireann a choinneáil agus a chaomhnú agus cinntíonn go bhfuil teacht ag an bpobal ar na taifid sin chomh maith le bealaí iontacha a chruthú trína mbeidh an pobal ábalta eolas a fháil ar stair shaibhir na tíre.

Téigh chuig láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta ag, www.nationalarchives.ie nó lean an Chartlann ar Twitter: @NARIreland and Instagram: narireland