Foilsithe ar 

Molann an SPNF don phobal aire a thabhairt ag an gcóilíneacht éan i gCuan Loch Garman


Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tar éis moladh d'úinéirí madraí agus don phobal i gcoitinne gan dul a chóir cóilíneacht éan i gCuan Loch Garman, áit a bhfuil Geabhróga Beaga i ndiaidh socrú le neadú. Féadfaidh sé go laghdófar go mór an seans go dtiocfaidh na sicíní slán as a n-uibheacha má chuireann daoine isteach orthu, fiú agus tréimhsí gearra i gceist.

Is cosúil gur ar Bhruach an Dúin taobh le mórchainéal an Chuain atá formhór na nGeabhróg Beag i mbliana. Meastar go bhfuil 50 péire ina suí ar uibheacha, agus go n-osclóidh na huibheacha sin gan mhoill. Tosaíonn na sicíní ag eitilt tuairim is trí seachtaine i ndiaidh dóibh teacht as an ubh.

Tá comharthaí sealadacha curtha suas ag an SPNF, ag iarraidh ar dhaoine gan dul isteach sa chóilíneacht ionas go mbeidh an seans is fearr ag na sicíní teacht slán.

Dúirt Maoirseoir Fiadhúlra de chuid an SPNF, Dominic Berridge:

"Bíonn cuma shliogán ar uibheacha agus ar shicíní na nGeabhróg Beag ar an trá, agus mar sin bheadh sé furasta siúl orthu i ngan fhios.


“Is suntasach an líon éan a bhain leas as Cuan Loch Garman le blianta beaga anuas, rud a fhágann gurb é seo ceann de na cóilíneachtaí is mó de Gheabhróga Beaga in Éirinn. Tá súil againn, le comhoibriú an phobail, go dtiocfaidh na céadta sicín as a n-uibheacha sna seachtainí amach romhainn. Anuraidh bhí céad péire Geabhróg Beag ar a laghad sa chóilíneacht againn ach ba chúis díomá dúinn ina dhiaidh sin é nuair nár fhás ach deich nó cúig cinn déag de na sicíní aníos. Is dócha gurb iad an ghaoth agus rabhartaí ag scuabadh réimsí de na hoitreacha agus ag scriosadh neadacha ba chúis leis seo. Póraíonn na héin seo i ndálaí fíordheacra agus ní mór dúinn go léir a bheith cúramach gan cur lena ndeacrachtaí trí bheith ag cur isteach orthu”.