Foilsithe ar 

OSCLAÍONN AN tAIRE MADIGAN FORAS AMHARCLAINNE NA hÉIREANN CHUN “MÍ-ÚSÁID CUMHACHTA” A DHÍOTHÚ

Inniu, osclóidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, comhdháil “Labhair amach agus fógair”, cruinniú de ghairmithe Earnáil na hAmharclainne atá dírithe ar chód iompair a aontú chun mí-úsáid cumhachta a dhíothú san áit oibre.

Bhuail Aire Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta an tráth úd Samhain seo caite le ceannairí eagraíochtaí amharclainne na hÉireann a chomhshínigh ráiteas ag cáineadh ciapadh gnéasach agus mí-úsáid cumhachta in amharclann in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Dhírigh an cruinniú sin ar conas is féidir leis an earnáil amharclainne dul chun cinn is fearr ar na ceisteanna a tháinig chun cinn in amharclann na hÉireann. Tháinig Labhair amach agus fógair ar an bhfód ina dhiaidh sin.

Ina haitheasc dúirt an tAire Madigan

“Baineann an lá inniu le mí-úsáid cumhachta a dhíothú agus le sláinte agus folláine a chosaint agus poitéinseal gairme – na ndaoine atá ag obair san earnáil. Luas gur theastaigh uaim go bhfeicfí inniu mar thionscnamh d'earnáil na hamharclainne, d’earnáil na hamharclainne, atá faoi stiúir na hearnáile sin. Le cúnamh Dé beidh cód iompair aontaithe agaibh faoi dheireadh an lae inniu”

“Agus sinn ag tnúth go dóchasach, bheadh sé faillitheach againn gan machnamh a dhéanamh ar ghortú agus éagóir san am atá caite. Níor caintíodh cuid mhaith di riamh go poiblí. Ní dhéanfaidh an próiseas seo neamhaird ar an ngortú agus an damáiste a rinneadh ar an oiread sin daoine ar fud na hearnála, mná agus fir, le blianta fada anuas agus i go leor áiteanna agus ní mór dúinn aitheantas a thabhairt go hionraic gur tharla teipeanna. Bíonn tionchar ag míchothromaíochtaí cumhachta ar shaol daoine, go pearsanta agus go gairmiúil, ina n-aonar agus le chéile. Is é ár gcomhfhreagracht ná comhsheasamh a chumasú agus a áirithiú do gach duine sa phobal. Is comhoibriú ealaíne í an amharclann ina n-oibríonn daoine le scileanna éagsúla, cúlraí, aois agus inscne le chéile chun ealaín a dhéanamh a léiríonn an domhan timpeall orainn agus an tsochaí ina gcónaimid. Is féidir leis an spiorad comhoibrithe seo, nuair a bhaintear leas as, athrú a thiomáint. Déarfaimis inniu nach ndéanfaimid neamhaird ar ár bhfadhbanna a thuilleadh”,

arsa an tAire Madigan .