Foilsithe ar 

Óige Ildánach - á sheoladh ag an Taoiseach

20171207 Taoiseach launch Creative Child

Taoiseach Leo Varadkar, in éineacht leis an Aire Cultúir Josepha Madigan, an tAire Oideachais Richard Bruton, agus an tAire Airgeadais Paschal Donohoe sa phictiúr thuas le daltaí ó Scoil Náisiúnta St Laurence O’Toole do Chailíní.

Déanfaidh Taoiseach Leo Varadkar, in éineacht leis an Aire Cultúir Josepha Madigan, an tAire Oideachais Richard Bruton, agus an tAire Airgeadais Paschal Donohoe, Óige Ildánach - Plean le Scód a Ligean le Cumas na Cruthaitheachta i nGach Leanbh agus i nGach Duine Óg - a sheoladh inniu (Déardaoin, an 7 Nollaig).

Le hÓige Ildánach, atá á sheoladh I Scoil Náisiúnta St Laurence O’Toole do Chailíní, Plás Seville, leagtar amach na bearta le ceann de phríomhspriocanna Chlár Éire Ildánach a chur i gcrích, is é sin cinnte a dhéanamh go bhfuil teacht praiticiúil ag gach leanbh in Éirinn ar theagasc, taithí agus rannpháirtíocht i gceol, drámaíocht, ealaín agus códú faoin bhliain 2022. Mar bhonn agus taca leis an bplean seo tá an tuairim dhaingean gur cheart go mbeadh an chruthaitheacht agus an cultúr ag croílár an oideachais dár n-aos óg go léir. Tá raon leathan gníomhaíochtaí cultúrtha ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga agus tá sé mar aidhm leis an bPlean seo cur leis an méid atá ar fáil cheana agus tionscadail agus tionscnaimh nua a fhorbairt ag an am céanna.

Sa chéad chéim de chur i bhfeidhm Óige Ildánach, Clár cúig bliana, tá sraith príomhghníomhartha do 2018-2019. Baineann ceann de na gníomhartha sin le clár an-rathúil Music Generation. Faoi láthair sroicheann Music Generation níos mó ná 41,000 leanbh agus duine óg, laistigh den scoil agus lasmuigh di. Méadófar an líon sin go suntasach mar thoradh ar naoi gComhpháirtíocht Oideachais Cheoil nua a fógraíodh in 2017. Mar chuid d’Óige Ildánach, d’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar TD go leathnófar clár Music Generation leis an tír ar fad a chuimisú chomh luath agus is féidir, agus go deimhin faoin mbliain 2022. Beidh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair go dlúth le Music Generation leis na socrúcháin don soláthar sin a fhorbairt.   

Agus é ag labhairt ag an seoladh inniu, dúirt Taoiseach Leo Varadkar,

“Is mian linn ár ndaoine óga a spreagadh le bheith ina smaointeoirí cruthaitheacha, a n-intinní a leathnú agus cinnte a dhéanamh go bhfuil an deis acu sult iomlán a bhaint as saothar cruthaitheach agus cultúrtha, cibé acu a fhoghlaimíonn siad códú, damhsa nó amhránaíocht.”

Agus í ag labhairt inniu, dúirtan tAire Cultúir Josepha Madigan, an méid seo:

“Is plean an-uaillmhianach é Óige Ildánach lena dtugann muid gealltanas go ndéanfar cinnte de go mbeidh teacht praiticiúil ag gach leanbh ar theagasc, taithí agus rannpháirtíocht i gceol, drámaíocht, ealaín agus códú faoin mbliain 2022.” 

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Oideachais Richard Bruton :

“Tagann an plean sin go maith leis an Ráiteas Polasaí um Oideachas STEM 2017-2026 a sheol muid le déanaí, ina bhfuil gealltanas curaclam nua Matamaitice do bhunscoileanna a thabhairt isteach, ina mbeidh gnéithe den chódú agus den smaointeoireacht ríomhaireachtúil den chéad uair agus na spriocanna ata leagtha amach i gCairt na nEalaíon san Oideachas freisin.” 

Is mar seo a labhair an tAire Airgeadais Paschal Donohoe:

“D’fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon agus an ESRI tuarascáil an-tábhachtach anuraidh dar teideal Na hEalaíona agus Rannpháirtíocht Chultúrtha i measc Leanaí agus Daoine Óga. Léirítear sa tuarascáil sin go n-éiríonn le leanaí Éireannacha a bhíonn páirteach i ngníomhaíochtaí ealaíonta agus cultúrtha obair scoile a láimhseáil níos fearr, go mbíonn dearcadh níos dearfaí acu i leith na scoile níos faide anonn, go mbíonn siad níos sásta, go mbíonn níos lú imní orthu, scileanna acadúla níos fearr acu agus níos lú deacrachtaí socheacnamaíocha i gcomparáid leo siúd nach mbíonn chomh páirteach céanna.”

Óige Ildánach ar fáil lena íoslódáil ag creative.ireland.ie