Foilsithe ar 

Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge seolta ag an Aire Stáit McHugh

Rinne Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a sheoladh inniu.

Is ar mhaithe go príomha le treisiú a dhéanamh ar an obair atá ar bun ar bhonn tras-Rannach ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta atá an Plean Gníomhaíochta. Glacadh leis an bPlean ag cruinniú an Rialtais Dé Máirt seo caite, 26 Meitheamh, agus cuireadh os comhair Choiste Comhairleach na Straitéise 20 Bliain ar maidin é sular sheol an tAire Stáit go hoifigiúil é in Amharclann Ghaoth Dobhair.

Leagtar amach sa phlean breis agus 180 beart faoi leith a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le tuairim is 60 páirtí leasmhara ar bhonn tras-Rannach chun tacú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht idir seo agus 2022.

Is de thoradh ar phróiseas comhairliúcháin poiblí agus plé cuimsitheach idir an Roinn, atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain, agus raon leathan páirtithe leasmhara atá an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 á chur i láthair.

Leagtar amach ann raon leathan bearta sonracha, intomhaiste, agus indéanta a dhéanfar a fhíorú thar shaolré cúig bliana an phlean, ag tosú láithreach. 

Is ar na naoi réimse gnímh atá leagtha amach sa straitéis atá na bearta sin dírithe, eadhon: Oideachas; An Ghaeltacht; An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath; Riarachán, Seirbhísí agus Pobal; Na Meáin agus an Teicneolaíocht; Foclóirí; Reachtaíocht agus Stádas; Saol Eacnamaíochta; agus Tionscnaimh Leathana.

In éineacht leis sin, luaitear go sonrach sa phlean cé hiad na páirtithe a bheidh freagrach as feidhmiú na mbeart faoi leith, agus tugtar cur síos soiléir ar an tráthchlár a bhainfidh lena bhfeidhmiú.

Dúirt an tAire Stáit:

Tá lúcháir orm an Plean Gníomhaíochta seo a sheoladh thar ceann an Rialtais. Ós rud é gurb ionann an Straitéis agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge, tá úinéireacht tras-Rannach ag an bPlean Gníomhaíochta seo. Baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm dá réir le raon Ranna Rialtais, foras agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. In éindí le súil siar a chaitheamh ar a bhfuil déanta go dtí seo chun cúram a dhéanamh den Straitéis, is ar an bhóthar chun tosaigh atá an bhéim is mó agus ag croílár an phlean dá réir, atá na bearta.

Thar aon ní eile, tógann an plean ar an chomhpháirtíocht atá ann cheana féin maidir le ceist na Gaeilge. Dá mhéad a aithnítear agus a chothaítear an chomhpháirtíocht agus an chomhúinéireacht sin is ea is fearr a éireoidh lenár gcuid iarrachtaí ar fad.

Thug an tAire Stáit aitheantas dá chomhghleacaithe Rialtais sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, sa Roinn Oideachais agus Scileanna, sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as a gcomhoibriú agus a dtacaíocht.

Dúirt sé freisin:

Gabhaim buíochas chomh maith le hÚdarás na Gaeltachta, le Foras na Gaeilge agus leis na heagraíochtaí Gaeltachta agus Gaeilge a fheidhmíonn faoina scáth agus faoi scáth mo Roinne as an mhéid atá ar bun agus atá beartaithe acu chun tuilleadh cúraim a dhéanamh d’fheidhmiú an Phlean seo atá ar leas an dá rud is cás linn ar fad – an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

Agus é ag fáiltiú roimh an bPlean dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton:

Aithním an ról fíorthábhachtach atá ag an gcóras oideachais i dtaca le cur chun cinn agus dul chun cinn na Gaeilge. Tá 28 ngníomhaíocht sa phlean seo don Ghaeilge a bhfuil baint dhíreach acu le mo Roinnse, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcuraclam atá á theagasc inár scoileanna, oideachas do mhúinteoirí agus ar ndóigh soláthar agus pátrúnacht scoileanna. Sheol an rialtas seo an chéad Pholasaí riamh do scoileanna Gaeltachta siar in 2016, mar chuid den phlean foriomlán a bhí againn go mbeadh seirbhís oideachais agus oiliúna na hÉireann ar an tseirbhís ab fhearr san Eoraip faoin mbliain 2026.  Bhí sé mar chuspóir ag an bPolasaí sin tacú le pobail scoile bhríomhara sna ceantair Ghaeltachta agus na pobail sin a chothú. Cuirfidh an plean gníomhaíochta cúig bliana don Ghaeilge leis an dul chun cinn atá déanta againn go dtí seo sa réimse sin, agus cuimseofar ann na gnéithe go léir atá tábhachtach do dhul chun cinn na teanga agus táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth le mo chomhghleacaithe sa rialtas chun na gníomhaíochtaí go léir atá sa Phlean a chur chun cinn.

Agus í ag fáiltiú roimh an bPlean, dúirt an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Katherine Zappone:

Is inár leanaí is follasaí an díocas chun foghlama. Tá líon na leanaí ar mian leo ábhair a fhoghlaim trí Ghaeilge de shíor ag méadú. Tá ról lárnach ag an réamhscolaíocht sa mhéid sin agus is dá bhrí sin atá dhá phost nua á gcruthú ag mo Roinn chun an obair seo a chur chun cinn. Mar thoradh air seo, cuideoimid le buanchoimeád teanga áille ar leas na nglún atá le teacht

Tá cóip leictreonach den Phlean chomh maith le heolas ábhartha eile ina leith ar fáil ar shuíomh na Roinne https://www.chg.gov.ie/ga/gaeltacht/20-year-strategy-for-the-irish-language-2010-2030/action-plan-2018-2022/