Foilsithe ar 

Plean Theanga Mhúscraí ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, go bhfuil plean teanga Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta Mhúscraí ceadaithe aige faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is seo an cúigiú plean atá ceadaithe ag an Aire Stáit faoin bpróiseas pleanála teanga. Faoi réir an tsocraithe a fógraíodh in 2017, beidh allúntas ar fiú suas le €100,000 thar thréimhse 12 mí á chur ar fáil chun tús a chur le feidhmiú phlean teanga Mhúscraí. 

Le ceadú an phlean seo,” a dúirt an tAire Stáit, “cuirfear tús leis an gcéad chéim eile den phróiseas pleanála teanga i nGaeltacht Mhúscraí trí fheidhmiú an phlean teanga atá bunaithe ar thuairimí agus riachtanais mhuintir an cheantair. Beidh fáil ag Comharchumann Forbartha Mhúscraí, an ceanneagraíocht atá i bhfeighil an phlean, ar allúntas gur fiú suas le €100,000 i mbliana chun gníomhaíochtaí a bplean a reáchtáil agus chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú. Is sár dheis é seo do Mhúscraí an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú ina gceantar.”  

 

Tréaslaím le gach duine a bhí páirteach in ullmhú an phlean teanga agus guím gach rath orthu - anois go bhfuil feidhmiú an phlean ar tí tosú. Tá sé soiléir go bhfuil ceanneagraíocht an limistéir tar éis tabhairt faoin bpróiseas go díograiseach ar mhaithe lena gceantar agus a dteanga. Guím gach rath orthu, agus ar phobal Mhúscraí uile, agus iad i mbun a gcuid oibre sna blianta atá amach romhainn.