Foilsithe ar
Ráiteas ó Phreasoifig an Rialtais
Tá sé fógartha ag an Taoiseach Enda Kenny, go bhfuil an Seanadóir Jerry Buttimer ceaptha ina Cheannaire ar an Seanad.
Dúirt an Taoiseach:
"Is cúis áthais dom an Seanadóir Jerry Buttimer a cheapadh ina Cheannaire ar an Seanad nua, a dtagann a chuid comhaltaí le chéile den chéad uair inniu.
Tá an-taithí parlaiminte ag Jerry mar sheanadóir, mar Theachta Dála agus mar chathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais ar Chúrsaí Sláinte.
Fágann an taithí seo go bhfuil Jerry an-cháilithe chun a phoist nua, post an-tábhachtach, dúshlánach i dtimpeallacht nua parlaiminte. Oibreoidh sé go dlúth leis na páirtithe, grúpaí agus seanadóirí neamhspleácha eile go léir chun feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil an tSeanaid nua a chinntiú."