Foilsithe ar 

Ráiteas ón Taoiseach Enda Kenny TD, 23 Bealtaine 2017

Meabhrú atá sna gníomhartha uafásacha a thit amach i Manchain aréir chomh barbartha is a smaoiníonn daoine, más beagán daoine féin atá i gceist.

Ní féidir glacadh le smaointeoireacht den chineál sin inár sochaí.

Táim ag guí agus ag smaoineamh ar an té a maraíodh agus a gortaíodh, a dteaghlaigh agus iadsan ar fad a bhfuil tionchar ag an tubaiste orthu. Tá mo chroí dubh dóibh ar fad.

Tá ceangal dlúth ag cathair Mhanchain leis an tír seo agus ba mhaith liom go mbeadh a fhios ag gach duine ar fud na Ríochta Aontaithe a bhfuil tionchar ag an tubaiste seo orthu go bhfuil Rialtas na hÉireann agus muintir na hÉireann ar fad ag seasamh leo.