Foilsithe ar 

Ráiteas ón Taoiseach Enda Kenny ar bhás Iar-Theachta Dála Fhianna Fáil, Seán Ardagh, 17 Bealtaine 2016

Tá a bhrón curtha in iúl ag an Taoiseach, Enda Kenny, ar bhás an iar-Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Seán Ardagh.

“Tá dobrón orm a chloisteáil faoi bhás Seán Ardagh inniu. Fear uasal a bhí i Seán a chaith blianta fada dá shaol sa pholaitíocht. Chaith sé breis is 25 bliana ina ionadaí poiblí díograiseach, dícheallach i mBaile Átha Cliath.  Bhí Seán ina chathaoirleach ar go leor coistí Oireachtais i réimsí mar chearta na mban agus an Bunreacht. Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh ar mo shon féin agus thar ceann an Rialtais lena bhean chéile Máire, lena iníon, an Seanadóir Catherine Ardagh, lena chlann mac Rory agus Charlie agus lena mhuintir agus cairde go léir.”