Foilsithe ar 

Rúin na gcnámh - eolas iontach ar fad faoi shochaí réamhstairiúil na hÉireann tagtha chun solais de bharr taighde eolaíoch ar adhlacthaí ársa

Tá eolas nua iontach tagtha chun solais ar shochaí na gcéad feirmeoirí in Éirinn sa Tréimhse Neoiliteach (4,000RCh–2,500RCh) de bharr obair fhoireann idirnáisiúnta seandálaithe agus géineolaithe faoi threoir Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath.  In alt a foilsíodh inniu san irisleabhar mór le rá Nature, léirítear torthaí iontacha na hanailíse eolaíoch a rinneadh ar thaisí daonna a fuarthas le linn tochailte ó Phríomhshéadchomharthaí Náisiúnta ó ar fud na tíre.

I measc na dtorthaí dochreidte a tháinig chun solais ná go gceaptar anois go raibh fear a adhlacadh i gcroílár thuama pasáiste Shlí an Bhrú thart ar 3,200RCh ar dhuine den scothaicme a bhí i réim. I measc na ríshleachta eile a bhí i réim i ndomhan na seandálaíochta bhí dia-ríthe na nInceach agus farónna na hÉigipte, cé go raibh Tréimhse Neoiliteach na hÉireann ann i bhfad roimh na sibhialtachtaí sin.

Is léir on anailís a rinneadh ar chnámhiarsmaí an fhir, a dtángthas orthu le linn tochaltán a bhí faoi threoir an Ollaimh M. J.O‘Kelly ag an Láthair Oidhreachta Dhomhanda UNESCO sna 1960idí, go raibh sé ar dhuine de shárshliocht a tháinig as caidreamh colach, sé sin, i dteanga shimplí shothuigthe, go raibh gaol an-ghar ag tuismitheoirí an fhir lena chéile. Baineann tabú le caidreamh den sórt sin ar fud an chuid is mó den domhain de bharr cúinsí bitheolaíocha agus cultúir, ach i bhfianaise an adhlactha rachmasaigh a tugadh don té sin laistigh den seomra adhlactha i séadchomhartha Shlí an Bhrú, is mór an seans gur ceadaíodh a thuismíocht go sóisialta.

Tá sé tugtha ar aird ag grúpa taighde Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath nach minic a tharlaíonn cúpláil ceadaithe go sóisialta mar seo, agus tá sé doiciméadaithe i staidéir eolaíochta dhomhanda go mbaineann cúpláil mar seo den chuid is mó le scothaicmí polaitreiligiúnda - laistigh de theaghlaigh ríoga a mbíonn dia-rí i gceannas orthu go sonrach. I gcásanna domhanda doiciméadaithe den sórt seo, ar nós i Haváí, impireacht na nInceach agus na hÉigipte ársa, de ghnáth a bhíonn iompar mar sin fágtha faoi theaghlaigh i réim amháin a dtugtar díolúine dóibh ar ghnás sóisialta mar go n-aithnítear go bhfuil diagacht ag baint leo. Creideann lucht taighde de ghnáth gur bealach a bhí sna caidrimh seo chun ordlathas a neartú agus cumhacht a dhlisteanú. Tugann an fhianaise ón staidéar seo le fios go mb'fhéidir go raibh an dinimic chéanna i gceist anseo in Éirinn le linn na Tréimhse Neoilití, tréimhse inar cuireadh tús le feirmeoireacht agus inar tógadh séadchomharthaí móra adhlactha agus deasghnátha meigiliteacha.

Tá an moladh go raibh ríshliocht 'ríoga' ann le linn lár na tréimhse Neoilití ag teacht le tógáil thuamaí pasáiste Shlí an Bhrú, Chnóbha agus Dhubhadh agus tugann béaloideas ó ré na meánaoise a bhaineann le Láthair Oidhreachta Dhomhanda UNESCO Bhrú na Bóinne chun cuimhne. Tá taifead i Leabhar Laighean on 12ú aois faoi chaidreamh idir deirfiúr agus deartháir as a dtagann an t-ainm ársa Dubhadh.

Nochtaigh an fhoireann d'eolaithe líon de ghaolta teaghlaigh i bhfad amach idir an fear a adhlacadh ag Sí an Bhrú agus daoine aonair eile a adhlacadh i dtuamaí pasáiste ar fud na tíre, is iad sin, reiligí na Ceathrún Móire agus na Ceathrún Caoile i gCo. Shligigh agus an tuama ag Bá an Mhillín i gCo an Dúin.

Rinneadh an suirbhé géanóim, arna threorú ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath thar thréimhse dhá mhíle bliain agus bhí torthaí eile nach raibh súil leo mar thoradh air. Laistigh den struchtúr adhlactha is sine, dá bhfios dúinn sa tír a tógadh thart ar 3,800RCh, tuama ursanach Pholl na Brón, sa Bhoirinn, thángthas ar an gcéad chás de siondróm Down nach bhfuil diagnóisithe fós i leanbh a adhlacadh ann. Is í an Dr. Ann Lynch ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta a tháinig ar na taisí daonna sna 1980idí mar chuid d'obair chaomhnaithe phráinneach ag an séadchomhartha adhlactha mórthaibhseach. Léirigh anailís iosatóipe a rinneadh ar thaisí an linbh comharthaí gur cothaíodh an leanbh ar an mbrollach. Ina theannta sin, de réir na dtaighdeoirí, tugann gur adhlacadh an leanbh sa seomra adhlactha, rud nach ndéantaí ach do fíor-bheagán daoine, le fios gur tugadh cúram maidir leis an adhlacadh agus nár chuir difríochtaí feiceálacha isteach ná amach ar adhlacadh céimíochta. 

Chomh maith leis sin, léiríonn an anailís géiniteach gurb iad na chéad feirmeoirí a thóg na séadchomharthaí, daoine a tháinig go hÉirinn chun áit na bhfiagaithe cnuasaitheoirí ón Tréimhse Mhéisiliteach a bhí ann rompu a ghlacadh. Tugann an fhianaise eolaíoch le fios gur múchadh an daonra roimhe sin seachas aon díláithriúchán ná díothú.

Tá na torthaí an-suntasach maidir le hathinsint bhríomhar ar stair na tíre. Táthar ag súil go dtiocfaidh níos mó taighde ar thaisí daonna eile as na torthaí seo a chuideoidh le tuilleadh a insint dúinn faoi mhuintir Éire ársa agus an tsochaí inar mhaireadar. Cé go bhfuil a lán ar eolas againn cheana faoi na séadchomharthaí a thógadar, cuid de na Séadchomharthaí Náisiúnta is luachmhaire sa tír faoi Chúram an Stáit ina measc, níl mórán ar eolas againn faoi na daoine a thóg iad. De réir mar atá ár n-iarracht eolaíoch ag leathnú agus féidearthachtaí casta anailíseacha á bhforbairt, tá acmhainneacht ann níos mó a fhoghlaim.

Cuireadh maoiniú ar fáil don taighde le Dámhachtain Fhondúireacht Eolaíochta Éireann/an Bhoird Taighde Sláinte/Thaighde Bithleighis Chomhpáirtíochta Imscrúdaitheora Welcome Trust a bronnadh ar an Ollamh Dan Bradley agus Scoláireacht an Chomhairle um Thaighde in Éirinn Rialtas na hÉireann a bronnadh ar an Dochtúir Lara Cassidy ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath roimhe sin.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le: Clare Tuffy

Seirbhísí do Chuairteoirí OPW (Newgrange/Brú na Bóinne)

087 294 5177

clare.tuffy@opw.ie