Foilsithe ar 

Seolann an tAire Josepha Madigan an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta

20181907_Madigan

Sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, inniu an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta, an ceiliúradh mór a dhéantar in Éirinn ar ár n-oidhreacht náisiúnta, a bheidh ar siúl ón 18 go dtí an 26 Lúnasa. 

I mbliana, tá an tSeachtain Oidhreachta thar a bheith speisialta mar gheall gurb é buaicphointe cheiliúradh na hÉireann ar Bhliain Oidhreachta Cultúrtha na hEorpa (EYCH). Ghlac breis agus leathmhilliún duine páirt i Seachtain Oidhreachta 2017, agus ba í an t-imeacht cultúrtha ba mhó in Éirinn dá bharr. Beidh breis agus 2,000 imeacht ar siúl in 2018, agus beidh oibrithe deonacha, comhordaitheoirí agus rannpháirtithe ó gach pobal ag glacadh páirte ann. Tá eolas breise faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl fud fad na tíre ar fáil ag www.heritageweek.ie.

Ag labhairt ag seoladh an lae inniu, dúirt an tAire Madigan:

Tá gliondar croí orm a bheith anseo chun Seachtain Oidhreachta 2018 a sheoladh. Is iomaí imeacht a bheidh ag titim amach i mbliana agus is é is iontaí ná go bhfuil an chuid is mó díobh saor in aisce, mar sin, is deis iontach é do dhaoine agus teaghlaigh de gach aois páirt a ghlacadh agus foghlaim faoinár n-oidhreacht ar bhealach taitneamhach.


Ní fhéadfaidh an tSeachtain Oidhreachta titim amach murach tiomantas agus díograis eagraithe agus chomhordaitheoirí an imeachta fud fad na tíre, an Chomhairle Oidhreachta, ár músaeim agus leabharlanna, Oifig na nOibreacha Poiblí, agus Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra mo Roinne, gan trácht ar an am fada agus an dua trom a chaith oibrithe deonacha agus grúpaí pobail. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo siúd go léir a ghlac páirt. Baineann ríthábhacht le bhur n-obair agus ní bheadh an rath ar an tSeachtain Oidhreachta murach sibhse. Is mar gheall oraibhse go leanann sé ag dul ó neart go neart, agus go gcuireann sé feasacht agus oideachas chun cinn faoinár n-oidhreacht agus caomhnú agus cosaint a spreagadh, agus pobail a thabhairt le chéile agus comhthuiscintí a chruthú ar na háiteanna a gcónaímid.


Guím an rath geal ar gach duine atá bainteach i Seachtain Oidhreachta 2018 agus tá súil agam go mbainfidh siad taitneamh as.