Foilsithe ar 

Seolann an tAire Stáit McHugh tionscadal ‘Edcite as Gaeilge’

Inniu, sheol an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as an nGaeilge, as an nGaeltacht agus na hOileáin, Joe McHugh TD, tionscadal ‘Edcite as Gaeilge’ i nGaelscoil Míde i gCill Bharróg, Co. Bhaile Átha Cliath.


Tionscnamh é Edcite As Gaeilge arna mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), chun banc d’acmhainní digiteacha Éireannacha a roinnt le múinteoirí. Faoi bhainistiú Camara Ireland and Edcite, d'fhorbair an tionscnamh seo 200 tasc digiteach is féidir a úsáid sa seomra ranga chomh maith le dhá ardán oideachais aistrithe: Edcite.com agus ionsamhlúcháin eolaíochta PhET isteach sa Ghaeilge. Chruthaigh múinteoirí an 200+ tasc digiteach ó Ghaelscoil Míde agus ó Choláiste Ghlór na Mara agus profáilte ag aistritheoirí gairmiúla Gaeilge ag Snasta. Tá na hábhair uile saor in aisce agus tá siad ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile chun tús a chur lena n-úsáid sna seomraí ranga an tseachtain seo.


Anuas ar ábhar agus ionsamhlúcháin, tá Edcite As Gaeilge dulta i gcomhar le Saotharlann Urlabhra agus Fóineolaíochta TCD chun cumas téacs go teanga a thabhairt do mhúinteoirí atá sa leathanach gréasáin. D'fhorbair Saotharlann TCD sintéiseoir (ABAIR), le maoiniú ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ar féidir leis feidhmiú léamh-os-ard a sholáthar i dtrí chanúint agus i luasanna éagsúla. Beidh gach ábhar Gaeilge a cruthaíodh ar Edcite ar fáil do dhaltaí a bhfuil an cumas téacs-go-urlabhra seo ann.


Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit McHugh:


Tá áthas orm an tionscadal nua nuálaíoch seo, Edcite as Gaeilge, a sheoladh. Is acmhainn iontach é seo do scoileanna, arna forbairt ag múinteoirí, a thugann chomh maith deis do mhúinteoirí a n-ábhar féin a chruthú i nGaeilge. Tá súil againn go spreagfaidh an t-aistriúchán ar an ardán, ionsamhlúcháin eolaíochta chomhlántacha, agus an banc tosaigh ábhar, múinteoirí ar fud na tíre chun acmhainní digiteacha a thógáil agus a roinnt isteach sa leabharlann atá ar fáil go poiblí chun go n-úsáidfidh múinteoirí eile in Éirinn í.


Tá áthas orm go háirithe an comhpháirtí tionscadail seo a fheiceáil le ABAIR, tionscadal eile atá maoinithe ag mo Roinn. San aois dhigiteach ina bhfuil cónaí orainn anois, tá soláthar acmhainní digiteacha amhail na cinn seo ríthábhacht má tá an Ghaeilge chun a bheith rathúil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le cách atá páirteach agus rath a ghuí ar an tionscadal amach anseo.