Foilsithe ar 

An tAire Madigan chun fleasc a leagan ag searmanas ar Dhomhnach na Cásca i Reilig Ghlas Naíon

Dúirt an tAire Madigan: 

Is mór an onóir dom ionadaíocht a dhéanamh ar an Rialtas ag an searmanas cuimhneacháin seo chun cách a d’éag i gcúis shaoirse na hÉireann i rith Seachtain na Cásca 1916 a chomóradh. Cuimhnímid orthusan go speisialta atá faoin bhfód go síochánta sa reilig seo agus ar chruthaitheoirí ár dhá siombal mhóra náisiúnachta. 

Comóraimid Edward Hollywood a thug ár mBratach Náisiúnta dúinn, le teachtaireacht athmhuintearais agus cairdis idir na traidisiúin éagsúla ar an oileán seo. Tá an bród agus an meas a bhraithimid as ár mbratach ag croílár ár n-aitheantais mar Éireannaigh agus is siombail chumhachtach í dár dtiomantas chun síocháin agus comhthuiscint a chur chun cinn i measc na bpobal go léir.


Cuimhnímid freisin ar Pheadar Kearney, a scríobh i 1907 na bunliricíní Béarla de 'The Soldier's Song'. Is é an t-aistriúchán ar a amhrán – Amhrán na bhFiann – ár nAmhrán Náisiúnta ó 1926.