Foilsithe ar 

An Taoiseach Micheál Martin chun teachtaireacht tacaíochta a thabhairt ag an gCruinniú Mullaigh ar an mBithéagsúlacht

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Tabharfaidh an Taoiseach Micheál Martin teachtaireacht inniu (30 Meán Fómhair, 10 i.n IST) ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe ar an mBithéagsúlacht, ag athdhearbhú tiomantas na hÉireann do leanúint ag obair lena comhpháirtithe d’fhonn deireadh a chur le scrios gnáthóga agus speiceas tábhachtacha, an díghrádú éiceachórais a aisiompú agus tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe.

Tarraingíonn Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe ar an mBithéagsúlacht aird ar an ngéarchéim bithéagsúlachta atá ag bagairt ar an gcine daonna agus cuireann sé daoine ar an eolas maidir leis an bpráinn atá ag baint le dlús a chur faoin ngníomhú ar an mbithéagsúlacht, ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe. Deis atá ann do Cheannairí Stát, do Rialtais agus do cheannairí eile a bheith níos uaillmhianaí i leith na forbartha ar an gclár bithéagsúlachta domhanda don tréimhse i ndiaidh 2021, clár a nglacfar leis ag an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, a bheidh ar siúl sa bhliain 2021.

Is gá don chreat seo, agus é curtha i bhfeidhm go héifeachtach, an dúlra a chur ar an mbóthar ceart chun a shlánaithe faoin mbliain 2030, chun cloí leis an SDG agus leis an bhfís ‘Ag Maireachtáil go Suaimhneach leis an Dúlra.’

Bhí Éirinn ar an dara tír sa domhan a d’fhógair ina Parlaimint féin go raibh cás éigeandála ann ó thaobh na haeráide agus na bithéagsúlachta. Cuireann an Clár Rialtais reatha de cheangal ar an Rialtas tionól saoránach éifeachtach, ionadaíoch a bhunú don bhithéagsúlachta, rud a léiríonn an ról tábhacht atá ag an tsochaí maidir le freagairt na hÉireann don ghéarchéim seo.

Shínigh an Taoiseach, i bpáirt le ceannairí níos mó ná seachtó náisiún, ‘Gealltanas na gCeannairí ar son an Dúlra’ ag geallúint go ngníomhóidh siad go práinneach chun stop a chur le scrios na bithéagsúlachta agus chun an dúlra a chur ar bhóthar a shlánaithe faoin mbliain 2030.

Nótaí do na heagarthóirí

Beidh Ráiteas an Taoisigh á bheoshruthú ar http://webtv.un.org/ Is féidir ‘Gealltanas na gCeannairí ar son an Dúlra’ a léamh ag https://www.leaderspledgefornature.org/