Foilsithe ar 

Cur faoi Chois agus Vacsaíniú; Forbairtí Tábhachtacha tagtha ar fhreagairt na hÉireann do COVID-19: Ráiteas ón Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte

Dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an 30 Eanáir 2020 gurb Éigeandáil Sláinte Poiblí arb Ábhar Imní ar Leibhéal Idirnáisiúnta é COVID-19. Ón tráth sin ar aghaidh, bhí éifeacht mhór ag COVID-19 ar shláinte phoiblí na hÉireann. D’imir na bearta a raibh orainn tabhairt fúthu ar bhonn aonair agus i dteannta a chéile chun cosaint a dhéanamh in aghaidh tarchur breise tionchar mór ar gach duine dínn agus ar fheidhmiú sóisialta agus geilleagrach níos fairsinge na tíre trí chéile. Ach tá dóchas againn go mbainfear todhchaí éagsúil amach ina bhfuil vacsaíní ina bpríomhchuid dár bhfreagairt sláinte poiblí. Cabhróidh vacsaíní le cosaint in aghaidh éifeachtaí troma an víris SARS-CoV-2 agus chun na daoine is leochailí inár ndaonra a chosaint. Tá dóchas againn go léireoidh an fhianaise, le himeacht ama, go gcabhraíonn siad freisin cosc a chur ar dhaoine a bhfuil an t-ionfhabhtú seo orthu óna scaipeadh ar dhaoine eile.

Ní raibh súil ar bith leis, nuair a tugadh an chéad chás den ionfhabhtú seo le fios in Éirinn an 29 Feabhra an bhliain seo caite, go mbeadh roinnt vacsaíní forbartha, tástáilte agus á gcur ar fáil dár ndaonra laistigh de bhliain amháin. Éacht ollmhór eolaíochta agus sláinte poiblí é.

D’údaraigh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach an tríú vacsaín an tseachtain seo caite, atá á dhéanamh ag AstraZeneca, lena ndáileadh. Tá an vacsaín seo anuas ar an gcéad dá vacsaín atá á déanamh ag Pfizer-BioNTech agus Moderna ar dáileadh breis agus 220,000 dáileog de in Éirinn. Murab ionann agus AstraZeneca, vacsaíní mRNA iad seo agus tugtar amhlaidh orthu mar gheall ar an mbealach a oibríonn siad. Údarófar níos mó vacsaíní sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, agus cuirfidh seo roghanna breise ar fáil dúinn chun cosaint a dhéanamh in aghaidh COVID-19.

I ndiaidh gur údaraíodh vacsaín AstraZeneca, d’iarr mé ar an gCoiste Comhairleach Imdhíonta Náisiúnta (an CCIN), atá faoi stiúir an Ollaimh Karina Butler, chun comhairle a sholáthar faoin vacsaín seo a úsáid i measc daoine fásta breacaosta agus chun breithniú a dhéanamh ar an eatraimh cuí ama idir an chéad agus dara dáileog. Bunaithe ar a gcomhairle, mhol mé don Aire Sláinte nach gcuirimid ach vacsaíní mRNA ar fáil - Pfizer-BioNTech agus Moderna - ar fáil do dhaoine atá 70 bliain d’aois nó níos sine. Is amhlaidh seo mar gheall gur bhain trialacha Pfizer-BioNTech agus vacsaíní Moderna éifeachtúlacht níos airde, ar an iomlán, amach, i measc daoine fásta breacaosta san áireamh. Níl dóthain sonraí ann ag an tráth seo faoi éifeachtúlacht vacsaín AstraZeneca i measc daoine fásta breacaosta.

Is iad daoine níos sine ná 70 bliain d’aois an chéad ghrúpa eile daoine sa sceideal um beartú tosaíochta ar chomhaontaigh an Rialtas air. Is iad siúd is leochailí don ghalar, agus ba iad siúd a ba mhó a bhí thíos leis an ualach is mó a chruthaigh drochshláinte, daoine a thabhairt chuig an ospidéal agus básmhaireacht i rith na paindéime seo. Is tábhachtach, chomh maith, go n-aithnímid go aonrú á dhéanamh acu ar feadh tréimhsí fada ama le bliain anuas. Ceist mhór tábhachta gur féidir linn, mar thír, na vacsaíní a chur ar fáil anois a chreidimid is éifeachtaí do na daoine is leochailí d’éifeachtaí COVID-19, i.e. iad siúd atá níos sine ná 70 bliain d’aois.

Tá seasamh láidir bainte amach againn. A bhuíochas leis na hiarrachtaí a rinne an daonra fanacht sa bhaile, teorainn a chur theagmhálaithe agus cloí le comhairle sláinte poiblí, tháinig laghdú suntasach ar leitheadúlacht an ghalair agus is féidir linn a thabhairt faoi deara go bhfuil an tríú briseadh amach seo d’ionfhabhtú COVID-19 á chur faoi chois againn níos tapúla ná mar atá á dhéanamh in aon tír eile san Eoraip.

Tá sé an-tábhachtach go leanaimid orainn leis seo a dhéanamh. Mar gheall go bhfuil breis 1,000 cás nua den ghalar á dtabhairt le fios gach lá, tá orainn níos mó dul chun cinn a dhéanamh ar bhearta a shainordaigh an Rialtas go dtí an 5 Márta. Tá sé an-tábhachtach, ach go háirithe, go leanann iad siúd a rinneadh a vacsaíniú ag cloí leis an gcomhairle chéanna lena gcloíonn gach duine eile mar gheall nach bhfuil dóthain fianaise dhaingean againn go fóill gur féidir le vacsaíniú stop a chur leo an t-ionfhabhtú a scaipeadh.

Leanaigí ar aghaidh, le bhur dtoil, de bheith sábháilte agus ag cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí agus tiocfaimid as an bpaindéim seo le chéile.