Foilsithe ar 

Dúchas.ie seolta ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich

Professor Peter Clinch, UCD; An Aire Stáit Donnchadh MacFhionnlaoch; Professor Ríonach uí Ógáin, UCD; Dr Ciarán Mac Murchaidh, Fiontar, DCU.

Professor Peter Clinch, UCD; An Aire Stáit Donnchadh MacFhionnlaoch; Professor Ríonach uí Ógáin, UCD; Dr Ciarán Mac Murchaidh, Fiontar, DCU.

Dúchas.ie seolta ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich, ag tabhairt rochtain domhanda ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

- €1.75 milliún de mhaoiniú nua curtha ar fáil chun breis ábhair as ceann de na cnuasaigh béaloidis is mó ar domhan a dhigitiú

Baile Átha Cliath, Éire, 18 Nollaig 2013—Tá Dúchas.ie (www.duchas.ie), taisclann nua de bhéaloideas na hÉireann, seolta go hoifigiúil ag Donncha Mac Fhionnlaoich TD, Aire Stáit, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag ócáid a tionóladh ag NovaUCD, an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCD).

Tá tuairim is 64,000 leathanach de bhéaloideas agus stair áitiúil lámhscríofa ag Dúchas.ie faoi láthair, ábhar a thaifead leanaí scoile Éireannacha i mBaile Átha Cliath, Maigh Eo, Dún na nGall agus Port Láirge.

Is cuid de Bhailiúchán Lámhscríbhinní na Scol é an t-ábhar bunaidh seo, a bhí digitithe do Dúchas.ie i dtionscadal arna mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is éard atá san ábhar seo, ar cuid de Chnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD é, ná breis is 500,000 leathanach d’ábhar a thaifead tuairim is 50,000 leanbh scoile i níos mó ná 5,000 scoil i 26 chontae is rannpháirtí.

D’fhógair an tAire Mac Fhionnlaoich €1.75 milliún i maoiniú nua ag an ócáid, á chur ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar le UCD.

Bainfear úsáid as an maoiniú seo don phríomh chéim de Chnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú, an chuid eile d’ábhar Bhailiúchán Lámhscríbhinní na Scol san áireamh.

Tabharfar deis tríd an tionscadal seo, le tacaíocht ó Oifig Leas-Uachtaráin na Nuálaíochta UCD, agus tríd an maoiniú breise, ábhar nua a chur le Duchas.ie ar bhonn céimnithe.

Tá Cnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD ar cheann de na cnuasaigh béaloidis is mó ar domhan. Tá an Cnuasach comhdhéanta de ca. 2 mhilliún leathanach lámhscríbhinne, ca. 500,000 cárta innéacs, ca. 12,000 uair an chloig de thaifid fuaime, ca. 80,000 grianghraf agus ca. 1,000 uair an chloig d’ábhar físe.

Ag labhairt ag seoladh Dúchas.ie, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich TD: “Tugann an béaloideas deis léargas agus léirmhíniú nua a fháil ar an gcultúr sin againne. Tá ríméad orm a bheith anseo ag NovaUCD chun Dúchas.ie a sheoladh go hoifigiúil, láithreán trína scaipfear oidhreacht agus cultúr na hÉireann ar fud an domhain, rud a thabharfaidh tuiscint níos fearr ar an sainmhíniú atá againn ar an sochaí. Tionscadal nuálach é seo, lena mbailítear an sean is an nua le chéile ar bhealach úr, agus a chuireann deiseanna fadtéarmacha ar fáil maidir le tuiscint ar an traidisiún sin againne.”

Dúirt sé freisin, “Faoi láthair tá ábhar as 4 chontae ag Dúchas.ie, le hionadaíocht ó na 4 chúige, an bhunscoil i nDún na nGall a d’fhreastail mise uirthi ina measc. Tá áthas orm cómhaoiniú nua €1.75 milliún a fhógairt inniu; le cur ar fáil ag mo Roinnse agus ag UCD sna trí bliana amach romhainn chun leanúint ar aghaidh le Cnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú, lena n-áirítear ábhar breise ó Bhailiúchán Lámhscríbhinní na Scol.”

Mar fhocal scoir dúirt sé, “Is toradh é an tionscadal seo ar chomhpháirtíocht agus ar chomhoibriú thar a bheith rathúil idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD, Fiontar, DCU, mo Roinnse agus Oifig Leas-Uachtaráin na Nuálaíochta UCD agus guím gach rath ar gach duine atá bainteach leis an tionscadal sa chéad chéim eile.”

Is toradh é seoladh Dúchas.ie ar chomhpháirtíocht a cuireadh ar bun an chéad lá in 2012 idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD, Fiontar, DCU agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is é cuspóir na comhpháirtíochta Cnuasach Bhéaloideas Éireann, acmhainn ollmhór maidir le cultúr na Éireann, a dhigitiú, rochtain níos mó ag an bpobal air a chur ar fáil agus córas bainistithe sonraí a chur ar bun don Chnuasach ar féidir ábhar eile a chur leis amach anseo.

Dúirt an tOllamh Ríonach uí Ógáin, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta UCD agus Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD, “Tá beagnach daichead bliain caite agam ag obair le Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus is ionann an digitiú atá le déanamh air agus an rochtain dhomhanda a bheidh air agus fís a bhí againn ar feadh i bhfad. Ní bhainfear leas iomlán as an tionscadal go dtí na blianta i bhfad uainn agus ní féidir é a shamhlú go hiomlán inniu.”

Is é a dúirt an Dr Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath:

“Sprioc measartha simplí atá romhainn: saibhreas agus saíocht na Gaeilge a scaipeadh agus a dháileadh ar mhaithe le pobal an domhain. Luíonn an sprioc sin isteach go néata le ceann de phríomhaidhmeanna ghníomhaíocht taighde an tríú leibhéal, mar atá an buntáiste is fearr agus is féidir a bhaint as tionchar sochaíoch a bhfuil ar siúl againn ag an leibhéal idirdhisciplíneach, idir-institiúideach agus idirnáisiúnta. Is céim thábhachtach eile é forbairt duchas.ie, i gcomhar lenár gcomhghleacaithe, a chuirfeas go mór leis an aidhm sin.”

Dúirt an tOllamh Peter Clinch, Leas-Uachtarán na Nuálaíochta UCD, “Tá áthas ar UCD maoiniú a thabhairt don chéad chéim eile den tionscadal spreagúil seo Dúchas.ie, atá ag baint luach nach beag as an bhfaisnéis atá i seilbh againn anseo san Ollscoil. Tá Dúchas.ie ag cur saibhreas Chnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD ar fáil don phobal náisiúnta agus idirnáisiúnta ar bhealach nuálach agus inrochtana a thabharfaidh deis do chuairteoirí teagmháil bheoga a dhéanamh le hábhar an Chnuasaigh. Cabhróidh seoladh Dúchas.ie, chomh maith leis an maoiniú breise chun níos mó den Chnuasach ollmhór uathúil seo a dhigitiú, le seasamh a thabhairt do UCD mar cheann de na soláthraithe is mó ar domhan d’ábhar béaloidis ar líne agus cuirfear le staid agus clú UCD go hidirnáisiúnta i réimsí na n-ealaíon agus an chultúir.”

Tá ról ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) mar chomhairleoir do Dúchas.ie maidir le caighdeáin agus idir-inoibritheacht i gcartlannú digiteach.

CRÍOCH

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Anna Bale, Cnuasach Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ríomhphost: anna.bale@ucd.ie, t: +353 1 716 8439 Micéal Whelan, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, Bainisteoir Cumarsáide (Nuálaíocht), ríomhphost: miceal.whelan@ucd.ie, t: + 353 1 716 3712.

Nótaí d’eagarthóirí:

Cnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD

Tá ceann de na cnuasaigh is mó ar domhan d’ábhar eitneolaíochta agus béil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD. Tá fáilte roimh chuairteoirí féachaint ar an mbailiúchán mór leabhar, lámhscríbhinn, taifead fuaime, físeán agus grianghraf, líníochtaí agus pictiúr faoi shaol, béaloideas agus cultúr na hÉireann.

Tá leabhair, irisí agus seach-chlónna faoi bhéaloideas agus eitneolaíocht na hÉireann, agus réimsí gaolmhara, sa leabharlann speisialta. Cabhróidh raon áiseanna cuardaigh le taighdeoirí faisnéis ar ábhar faoi leith a aimsiú, nó ábhar a chuir duine ar bith de na mílte scéalaithe, bailitheoirí agus comhfhreagraithe leis an gcnuasach le blianta anuas.

Tá ábhar nua á chur leis an gCnuasach i gcónaí, lena n-áirítear grianghraif, ábhar fuaime agus físe, leabhair agus cáipéisí. www.ucd.ie/irishfolklore/ga/

Bailiúchán Lámhscríbhinní na Scol (1937-38)

I 1937, chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Cumann Múinteoirí Éireann, tús le scéim réabhlóideach inar spreagadh leanaí scoile béaloideas agus stair áitiúil a bhailiú agus a thaifeadadh.

Thar thréimhse ocht mí dhéag, spreagadh tuairim is 50,000 leanaí i 5,000 bunscoil sna sé chontae is fiche ábhar béaloidis a bhailiú ina gceantar dúiche. Áiríodh ar na hábhair a iarraidh ar na leanaí taighde agus scríbhneoireacht a dhéanamh orthu stair áitiúil agus séadchomharthaí áitiúla, seanscéalta agus finscéalta, tomhais agus seanfhocail, amhráin, nósanna agus creidiúintí, cluichí agus caithimh aimsire, cleachtais oibre agus ceardaíochta traidisiúnta, etc. Bhailigh na leanaí an t-ábhar go príomha óna dtuismitheoirí agus óna seantuismitheoirí agus ó seandaoine eile sa phobal áitiúil nó i gceantar na scoile.

Bailiúchán Lámhscríbhinní na Scol a thugtar anois ar an scéim, a raibh mar thoradh uirthi níos mó ná leathmhilliún leathanach lámhscríbhinne d’ábhar atá mar chuid de Chnuasach Bhéaloideas Éireann i UCD anois.