Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich roimh cheapachán an Choimisinéara Teanga

An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn agus an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich

An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn agus an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, roimh cheapachán an Choimisinéara Teanga nua, an tUasal Rónán Ó Domhnaill. Bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, a shéala oifige ar an Uasal Ó Domhnaill ag searmanas ceapacháin in Áras an Uachtaráin tráthnóna inniu.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Stáit:

Cuirim fáilte mhór roimh an cheapachán seo. Tá Rónán Ó Domhnaill thar a bheith cáilithe do phost an Choimisinéara Teanga agus níl amhras ar bith orm ach go rachaidh a thiomantas pearsanta féin don Ghaeilge agus a thaithí leitheadach phroifisiúnta go mór chun sochair dó ina phost nua. Guím gach rath air agus é ag dul i mbun na hoifige tábhachtaí seo.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga i 2004. Is iad príomhdhualgais na hOifige monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus comhairle a chur ar fáil maidir leis an Acht. Is é an tUasal Rónán Ó Domhnaill an dara Coimisinéir Teanga. Tagann sé i gcomharbacht ar an gcéad Choimisinéir, an tUasal Seán Ó Cuirreáin, a d’éirigh as ar na mallaibh tar éis deich mbliana in oifig.