Foilsithe ar 

Ionad nua Gaelchultúr á oscailt ag an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich

Bhí an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, i láthair ag ócáid i nGaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath, tráthnóna inniu agus dhá chúram éagsúla air: ionad nua seo an chomhlachta a oscailt go hoifigiúil agus cúrsaí nua Ghaelchultúir d’fhostaithe san earnáil phoiblí a sheoladh.

Bhog Gaelchultúr isteach san ionad ar Shráid an Chláraigh, atá díreach in aice le Cearnóg Mhuirfean, ag tús mhí Iúil anuraidh ach ní raibh an t-athchóiriú ar an bhfoirgneamh críochnaithe go dtí le déanaí. Tá a dhá oiread go leith spáis ag an gcomhlacht anois is a bhí san ionad i mBarra an Teampaill ina raibh siad idir Feabhra 2005 agus an samhradh seo caite.

Cuirfear tús leis na chéad chúrsaí eile de chuid an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil ag tús mhí Feabhra agus beidh dhá leibhéal ar fáil an iarraidh seo: leibhéal 3 (bonnleibhéal 1/bonnleibhéal 2) agus leibhéal 4 (meánleibhéal 1) de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí.

Bunaíodh Gaelchultúr in 2004 agus é mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.

Tá níos mó eolas ar fáil ag

www.gaelchultur.com

.