Foilsithe ar 

Preasráiteas – Cáinaisnéis 2014

Chuir an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., fáilte inniu (15 Deireadh Fómhair 2013) roimh an leithdháileadh atá beartaithe don Roinn i dtaca le gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán don bhliain 2014.

Thug an tAire Stáit le fios go mbeidh beagnach €40m le caitheamh ag an Roinn in 2014 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán agus go mbeidh os cionn €38m le caitheamh ar ghnóthaí thuaidh theas (An Foras Teanga agus Uiscebhealaí Éireann). Is figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastachán a bheith faofa amach anseo agus faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, i gcás na mbuiséad thuaidh theas.

Dúirt an tAire Stáit: "Cuirim fáilte roimh an €0.5m atá curtha ar fáil mar allúntas ar leith don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Is léiriú follasach é seo ar chur i bhfeidhm an ghealltanais i gClár an Rialtais a deir go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht d'eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012."

Maidir leis an leithdháileadh iomlán atá curtha ar fáil do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán don bhliain 2014, dúirt an tAire Stáit: "Cé go raibh sé riachtanach laghdú a dhéanamh ar bhuiséad mo Roinne trasna an bhoird, tá mise dóchasach go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar ár gcuid tosaíochtaí a chur i gcrích taobh istigh den soláthar atá ar fáil. Beidh cosaint na seirbhísí túslíne mar dhearbhthosaíocht agam agus cinntí crua á dtógáil i bhfianaise an leithdháilte laghdaithe. Sa chomhthéacs sin, beimid ag cur níos mó béime ná riamh ar éifeachtacht agus ar luach ar airgead a fháil ó allúntas an Státchiste."

Dúirt an tAire Stáit go gcreideann sé go bhfuil soláthar dóthanach curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta, d'Oifig an Choimisinéara Teanga agus don Fhoras Teanga (Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) chun cur ar a gcumas a gcuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh in 2014.

Tá tuilleadh sonraí faoin leithdháileadh do 2014 ar fáil sna haguisíní thíosluaite.

Aguisín 1: Meastacháin do 2014 *

Gaeilge, Gaeltacht & Oileáin (Clár C) * €39.9m (-5%)

Gaeilge, Gaeltacht & Oileáin 2013 2014 % Athrú

Reatha 33,519 31,882 -5%

Caipiteal 8,441 7,973 -6%

Iomlán 41,960 39,855 -5%

Comhoibriú Thuaidh Theas (Clár D) * €38.4m (-5%)

Thuaidh Theas 2013 2014 % Athrú

Reatha 36,210 34,425 -5%

Caipiteal 4,080 3,958 -3%

Iomlán 40,290 38,383 -5%

* Tá costais riaracháin (pá agus pinsin) san áireamh sna figiúirí seo.

Aguisín 2 – Briseadh síos ar an leithdháileadh reatha do 2014 **

Gaeilge, Gaeltacht & Oileáin €000

C.3 SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAELTACHTA 6,100

C.4 SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAEILGE 3,600

C.5 AN COIMISINÉIR TEANGA 567

C.6 ÚDARÁS NA GAELTACHTA - RIARACHÁN 8,798

C.7 ÚDARÁS NA GAELTACHTA - REATHA 3,000

C.9 OILEÁIN 5,900

C.10 AN STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010-2030 500

28,465

Comhoibriú Thuaidh Theas €000

D.3 AN FORAS TEANGA 13,578

** Níl costais riaracháin (cé is moite de bhuiséad riaracháin Údarás na Gaeltachta) san áireamh sna figiúirí seo.

Aguisín 3 – Briseadh síos ar an leithdháileadh caipitil do 2014 ***

Gaeilge, Gaeltacht & Oileáin €000

C.3 SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAELTACHTA 1,422

C.4 SCÉIMEANNA TACAÍOCHTA GAEILGE 95

C.8 ÚDARÁS NA GAELTACHTA - CAIPITEAL 5,687

C.9 OILEÁIN 644

7,848