Foilsithe ar 

Stoirm Lorenzo - Fógra Poiblí ó Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Beidh na Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra seo a leanas dúnta tráthnóna inniu, óna 4 a chlog, go dtí go mbeidh athrú ar an aimsir:

  • Coill Chnoc Meá (Gaillimh)
  • Anaclann Dúlra Dhoire an Chláir (Gaillimh)
  • Néifinn Fhiáin/Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich (Maigh Eo)
  • Coill an tSeanchinn (Maigh Eo)
  • Coill Leamhchoille (Gaillimh)
  • Anaclann Dúlra Dhrom Mór (An Clár)
  • Teach agus Gáirdíní Chill Áirne
  • Anaclann Dúlra na Cúile-Ghairealáin (Gaillimh)
  • Páirc Náisiúnta Chill Áirne
  • Anaclann Dúlra an Ghleann Garbh

Tá rabhadh Oráiste gaoithe i bhfeidhm faoi láthair do sé chontae (Gaillimh, Maigh Eo,  An Clár, Ciarraí, agus Luimneach).

Tá rabhadh Buí gaoithe i bhfeidhm do na contaetha eile.

Is mian le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne comhairle a chur ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar aon Pháirc Náisiúnta, Séadchomhartha Náisiúnta ná Anaclann Dúlra fad a bheidh an Rabhadh Oráiste i bhfeidhm.

Tá comhoibriú leanúnach an phobail, is é sin le rá nach rachadh daoine isteach sna suíomhanna seo fad a bheidh na rabhaidh aimsire i bhfeidhm, á iarraidh ag an SPNF i ndáil leis an ábhar seo.

Tabharfar tuilleadh eolais chun dáta de réir mar a éiríonn réamhaisnéis na haimsire níos soiléire agus/nó de réir mar a dhéanann Met Éireann nuashonrú ar fhógraí chomhairleacha aimsire .

Féach ar www.meteireann.ie  le haghaidh rabhaidh aimsire agus eolas chun dáta.