Foilsithe ar 

Straitéis uaillmhianach cúig bliana chun tacú leis an earnáil pobail agus dheonach foilsithe ag an Aire Ring

D'fhoilsigh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring, T.D. inniu (Dé Céadaoin an 23 Lúnasa) Pobail Inbhuanaithe, Uilechuimsitheacha agus Chumhachtaithe: Straitéis cúig bliana chun tacú leis an earnáil pobail agus dheonach in Éirinn 2019-2024”.

Leagtar amach sa straitéis mar a thacóidh an Rialtas leis an earnáil sna blianta atá le teacht agus tá sé mar aidhm léi bealach agus deis a chur ar fáil do phobail páirt a ghlacadh i gcinntí a mbeidh tionchar acu orthu, chomh maith lena n-eagraíochtaí ionadaíocha a neartú d'fhonn an méid sin a éascú. Tá sé mar aidhm léi freisin pobail a chumasú go díreach agus trí na heagraíochtaí a thacaíonn leo le hacmhainn chun dul i ngleic leis na himpleachtaí leanúnacha a bhaineann le dúshláin amhail Athrú Aeráide agus Breatimeacht. 

I gcomhar leis an earnáil pobail agus dheonach a cuireadh i dtoll a chéile í agus aithnítear inti an tábhacht a bhaineann leis an earnáil seo do shochaí shláintiúil, chóir agus rathúil. 

Le linn sheoladh na straitéise in Ionad Fatima F2 i mBaile Átha Cliath inniu, dúirt an tAire Ring:

Is é aidhm na straitéise seo pobail bhríomhara agus inbhuanaithe a chruthú a bheidh rannpháirteach go hiomlán i bpróisis chinnteoireachta agus feidhmithe beartas. Chomh maith leis sin, féachfar le hacmhainneacht an phobal a neartú lena chinntiú go mbeidh sé d'acmhainn ag pobail agus ag a gcuid eagraíochtaí dul i ngleic leis na himpleachtaí a bhaineann le dúshláin amhail Athrú Aeráide agus an Breatimeacht.

Cuireann eagraíochtaí pobail agus deonacha réimse leathan seirbhísí ar fáil ar fud go leor earnálacha in Éirinn. Go deimhin, tá sé deacair réimse ar bith de shaol na hÉireann a shamhlú nach mbíonn tionchar acu uirthi.

Oibríonn na heagraíochtaí seo i ngach pobal agus tacaíonn siad leo. Tacaíonn siad le leanaí, daoine óga, seandaoine, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil riocht sláinte ag dul dóibh. Tacaíonn siad le cúiseanna comhshaoil, bíonn siad i mbun feachtais do cheartas sóisialta agus tacaíonn siad le daoine atá ag dul i ngleic le bochtaineacht. Tugann siad tacaíocht d'imircigh, cuireann siad na healaíona agus cultúr chun cinn agus tacaíonn siad le ceartas aeráide.

Maidir le comhoibriú na Roinne leis an earnáil, a bhí ina phríomhghné den phróiseas forbartha straitéise, dúirt an tAire: 

Aithním an luach a bhaineann le comhoibriú den chineál seo agus tá sé beartaithe agam an caidreamh oibre dearfach seo a neartú de réir mar a chuirfimid tús leis na gníomhartha a leagtar amach sa straitéis a chur i bhfeidhm. Beidh ról lárnach ag mo Roinnse chun gach Roinn Rialtais, Gníomhaireacht Stáit agus rialtas áitiúil a thabhairt le chéile chun oibriú go héifeachtach lenár gcomhghleacaithe pobail agus deonacha d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sa straitéis seo a bhaint amach.

Is féidir teacht ar an straitéis seo ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/en/publication/d8fa3a-sustainable-inclusive-and-empowered-communities-a-five-year-strategy/