Foilsithe ar 

Tá maoiniú €766,000 fógartha inniu, 17 Lúnasa 2018, ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, d’ealaíona na hÉireann ar fud an domhain

Tá áthas ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, a fhógairt gur ceadaíodh maoiniú €766,000 ó Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain. Cuirfidh nach mór €682,000 den mhaoiniú sin ar chumas 115 ealaíontóir agus eagraíocht ealaíon Éireannacha tionscadail a chur i láthair i níos mó ná 38 dtír dhifriúla níos déanaí i mbliana agus in 2019, agus cuimseofar sa mhéid sin tionscadail siorcais, damhsa, scannánaíochta, litríochta, ceoil, amharclannaíochta agus an amharc ealaíne. Maidir leis an gcuid eile de na dámhachtainí, ar fiú breis agus €84,000 iad, tacóidh siad le léirithe de chuid ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon Éireannacha mar chuid de Chultúr Éireann - Clár GB18, clár bliana d’ealaíona na hÉireann atá ar siúl sa Bhreatain Mhór, agus is fiú €1.17m an tacaíocht iomlán a tugadh don chlár seo nuair a chuirtear an méid seo san áireamh.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Madigan agus na dámhachtainí á bhfógairt aici,

Tá an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí na hÉireann a gcuid saothar a chur i láthair ar fud an domhain dearbhaithe le déanaí ag an Rialtas mar chuid de thionsnamh Éire Dhomhanda, arb é is aidhm leis lorg domhanda na hÉireann a mhéadú faoi dhó faoi 2025. Tá cáil ar Éirinn ar an ardán idirnáisiúnta as ár gcruthaitheacht agus ár samhlaíocht a bhuí le huaillmhian agus bua ar n-ealaíontóirí. Tá clú tarraingthe againn orainn féin ar bhonn domhanda dá bharr agus tacaíonn sé linn caidrimh a bhunú ar fud an domhain freisin.

I measc buaicphointí na dtionscadal atá á maoiniú sa bhabhta seo, cuirfear Beckett i lár an aonaigh i gCathair Mheicsiceo i Samhain 2018, beidh ceol, léirithe agus scannánaíocht na hÉireann ar bun ag NZ Irish Fest in Auckland, Wellington agus Christchurch sa Nua-Shéalainn i Samhain 2018, cuirfear léiriú taispeántais de chuid Macnas ar siúl ag SXSW in Austin, Texas i Márta 2019, agus beidh seóthaispeántas mór bliantúil de bhannaí Éireannacha ar siúl ag an am céanna. I measc na mbuaicphointí amharclannaíochta, cuirfidh Dead Centre léiriú ar Hamnet agus Chekhov’s First Play ar siúl ag Féile Ealaíon Hong Kong i Márta 2019 agus rachaidh Theatre Lovett ar camchuairt mhór le They Called her Vivaldi i Stáit Aontaithe Mheiriceá ón 12 Feabhra go dtí an 12 Bealtaine 2019. Cuirfidh Eva Rothschild, an t-ealaíontóir a roghnaíodh le bheith mar ionadaí na hÉireann ag Biennale na Veinéise in 2019, a cuid saothar ar taispeáint ag ACCA International, Melbourne, san Astráil, 28 Meán Fómhair - 25 Samhain 2018 agus tá tacaíocht á tabhairt do go leor de na gailearaithe ealaíne chun saothair amharc-ealaíontóirí na hÉireann a chur ar taispeáint ag aonaigh ealaíne mór le rá. Beidh camchuairteanna ar fud na hEorpa, Stáit Aontaithe Mheiriceá, na hAfraice Theas agus na hAstráile mar chuid den tairiscint láidir seo de cheol thraidisiúnta agus ceol nua na hÉireann agus tacófar freisin le taispeántais dhomhanda i gcomhair Lá Idirnáisiúnta na Píbe Uilleann a reáchtálfar sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, san Airgintín, san Iodáil agus sa Nua-Shéalainn ar an 3 Samhain 2018.

Leathnaíodh Cultúr Éireann - Clár GB18, a bhfuil sé mar aidhm aige naisc chultúrtha agus ealaíonta a athadhaint in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana le clár níos fearr gníomhaíochtaí, nuair a cuireadh léiriú Amharclann na Mainistreach ar Two Pints le Roddy Doyle, a thógfar ar camchuairt go Newcastle Live agus Sunderland, leis, mar aon le camchuairt Stephen James Smith.

Féach ar www.cultureireland.ie chun an liosta iomlán maidir le babhta deontais an tSamhraidh a fháil agus tá sonraí agus an nuacht is déanaí maidir le clár GB18 Chultúr Éireann le fáil ar www.cultureireland.ie/GB18