Foilsithe ar 

Tá na hIolair tagtha don chéim is déanaí chun an speiceas a thabhairt ar ais in Éirinn

Scaoilfidh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra Iolair Mhara amach i gCúige Mumhan chun borradh a chur faoi líon na n-éan atá ann cheana
Thug cairteitilt speisialta na héin óga ón Iorua chuig aerfort Chiarraí

Tugadh grúpa d'iolair mhara chomh fada le hiardheisceart na tíre ón Iorua agus a gceann scríbe i gCiarraí bainte amach acu inniu.

Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun na hIolair Mhara a scaoileadh saor i gCúige Mumhan mar chuid de Chéim a Dó den tionscadal chun borradh a chur faoi líon beag de phobal pórúcháin an éin in Éirinn.

Tá sé mar aidhm leis an gcéim chun na héin a scaoileadh saor cur leis an obair, a bhfuil ag éirí go maith léi, chun an speiceas a bhí díofa tráth a thabhairt ar ais thar thréimhse trí bliana (2020-2022) trí iolair óga a scaoileadh saor ag trí láthair, lena n-áirítear Loch Deirgeirt, Inbhear íochtarach na Sionainne agus Páirc Náisiúnta Chill Airne.

Is éard a bhí i gceist leis an misean ná na hiolair óga - a bhfuil súil ghéar coinníodh orthu ar feadh cúpla mí - a thabhairt anseo as an Iorua. Tugadh chuig cairteitilt iad a bhí ag fanacht leo ag Aerfort Trondheim chun iad a thabhairt chuig Aerfort Chiarraí, aistear a thóg ceithre uair agus 20 nóiméad, a thuirling ag a ceann scríbe tráthnóna inniu.

D'fháiltigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., roimh na héin óga: "Iarracht iontach foirne a bhí san oibríocht is déanaí, faoi Chéim a Dó den tionscadal caomhnaithe, idir pearsanra fiadhúlra anseo agus san Iorua araon.

A bhuíochas dá gcuid oibre lóistíochtúla, ag tabhairt na hIolair Mhara nua seo chuig ár dtír, is dearfach an méid atá i ndán do na hIolair anois, a bhí díothaithe in Éirinn ar feadh os cionn céad bliain. Neartaíonn an idirghabháil caomhnaithe is déanaí an obair atá déanta go dtí seo chun go mbeadh na héin mhaorga seo le feiceáil in airde sa spéir arís, agus ba mhaith liom mo buíochas a chur in iúl do gach duine a raibh baint acu leis an gcuidiú seo a thabhairt don dúlra.

Tá sé beartaithe deich iolair óg a bailíodh san Iorua an samhradh seo a scaoileadh saor idir an trí shuíomh anseo in Éirinn. Cuirfidh na héin ón dara céim scaoilte borradh eile faoi líon beag de phobal pórúcháin an éin in Éirinn nuair a bhainfidh siad lánaibíocht amach.

Roimhe seo, scaoileadh 100 Iolar Mara óg i bPáirc Náisiúnta Chill Airne i gContae Chiarraí idir 2007 agus 2011. D'imigh na héin a scaoileadh na hamanna sin ar fud na hÉireann agus ba i Loch Dhoire Each i gContae an Chláir a phóraigh na héin den chéad uair. Ó shin, d'éirigh le líon beag de phobal pórúcháin idir ocht agus 10 bpéirí 26 éan óg faoi lán cluimhrí a chur ó neadacha agus is dóigh go n-imeoidh sé éan óg faoi lán cluimhrí ó neadacha amach san fhásach i gCúige Mumhan sna seachtainí amach romhainn.

Tá cuid de na hiolair a póraíodh in Éirinn ag baint lánaibíocht amach anois agus i mbun póiriúcháin san fhásach iad féin. Ach, tugann athbhreithniúchán eolaíoch ar an tionscadal athbhunaithe le fios go bhfuil pobal beag fós ann atá leochaileach i ndáil le tosca báis mar nimhiú mídhleathach agus chuir Fliú na nÉan isteach go mór ar an bpobal in 2018 agus chuir stoirm Hannah isteach ar an bpobal in 2019. Mar sin socraíodh tabhairt faoin scaoileadh breise seo chun borradh a chur faoin bpobal atá ann cheana.

Bhailigh Institiúid na hIorua um Thaighde ar an Dúlra (NINA) agus comhghleacaithe na hiolair óga faoi cheadúnas i Meitheamh 2020. Coinneofar na héin ag na láithreacha i gCúige Mumhan sula scaoilfear saor iad idir tús agus lár mhí Lúnasa. Cuirfear clibeanna orthu sular scaoilfear saor iad chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheidh á dhéanamh acu agus ar mar atá ag éirí leo meascadh leis an bpobal pórúcháin in Éirinn cheana. 

Is gné thábhachtach i ndáil le scaoileadh mar seo an comhoibriú atá ann le pobail feirmeoireachta sna ceantair ina ndéanfar na héin a scaoileadh saor agus sna ceantair a shocróidh na héin dul i mbun póiriúcháin. Le linn an chéad chéim den tionscadal scaoilte, arna bhainistiú ag an NPWS agus Iontaobhas an Iolair Fíréan, bunaíodh caidreamh maith leis an bpobal feirmeoireachta sna ceantair inar scaoileadh na héin agus inar shocraigh na héin dul i mbun póiriúcháin, bhí an caidreamh chomh maith sin go deimhin agus gur chuidigh na feirmeoirí le monatóireacht a dhéanamh ar na héin agus ar na neadacha ag cuid de na láithreacha. Táthar ag súil go gcuirfidh Céim a Dó tuilleadh leis an gcaidreamh sin amach anseo chun a chinntiú go mairfidh feirmeoireacht agus iolair taobh le taobh agus go mbainfidh an dá thaobh leas as. 

Chomh maith leis na buntáistí ó thaobh na bithéagsúlachta agus an éiceachórais, d'fhéadfadh buntáistí geilleagracha a theacht as an speiceas suaitheanta seo a athbhunú. Tá an-tóir ag muintir na háite ar athbhunú na nIolar Mara póraithe i Loch Deirgeirt agus i gCill Airne.

Tugadh an buntáiste geilleagrach a bhaineann le héiceathurasóireacht faoi deara i mBaile Uí Bheoláin, Contae an Chláir nuair a rinne péire éin póraithe nead in aice leis an tsráidbhaile in áit ina bhféadfaí iad a fheiceáil in 2012, tharraing sé seo na mílte cuairteoirí ar feadh blianta ina dhiaidh sin. In 2020, bliain nach bhfuil turasóireacht cheart fhisiciúl ar bith ann de bharr shrianta Covid-19,  bhí an-luí ag daoine leis an díol-spéise fíorúil dúlra nuair a rinneadh nead Iolair Mara a shruthú beo i nGleann Garbh i gContae Chorcaí, agus go deimhin d'éirigh leis liosta an BBC den 20 díol spéise dúlra is fearr ar domhan a bhaint amach.

Tá an clár seo agus bearta athbhunaithe eile ríthábhachtach don tionscadal i ndáil le bithéagsúlacht na hÉireann - ag tabhairt speicis fiáine aitheanta a dhíothaigh an duine ar ais - agus cuirfidh seo go mór leis an ngeilleagar, le turasóireacht agus le pobail áitiúla agus, go deimhin, le folláine an duine. Táimid an-bhuíoch ach go háirithe do na húdaráis san Iorua agus dár gcomhghleacaithe thall as a gcomhoibriú flaithiúil.

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Is tionscnamh fadtéamach é Clár Athbhunaithe an Iolair Mhara chun líon na speiceas a bhí díofa tráth i bPoblacht na hÉireann a thabhairt ar ais faoi bhainistíocht Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar le heagraíochtaí eile lena n-áirítear Iontaobhas an Iolair Fíréan ach go háirithe.

Scaoileadh 100 iolar óg (Céim a hAon) thar thréimhse cúig bliana (2007-2011) i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, Contae Chiarraí. Tosaíonn Iolair Mhara ag póiriú nuair a bhíonn siad thart ar chúig bliana mar sin bhí súil go gcuirfí tús leis na chéad iarrachtaí neadaithe in 2012/2013. Baineadh an chéad triail as neadú in 2012 i gContae an Chláir, an chéad phórú a tharla san fhiántas le hos cionn 100 bliain.  D'fhág na chéad éin óga faoi lán cluimhrí ar éirigh leo póiriú san fhiántas nead i gContae an Chláir in 2013. Go dtí seo tá 26 éan óg faoi lán cluimhrí imithe as neadacha i gCiarraí, i gCorcaigh agus i nGaillimh agus táthar ag súil go bhfágfaidh sé cinn d'éin óga faoi lán cluimhrí neadacha i gCiarraí, i gCorcaigh agus i dTiobraid Árann in Iúil 2020.

Shocraigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí (OPW) ceamara neide beoshrutha i nead i nGleann Garbh i gContae Chorcaí in 2020. Is féidir é a fheiceáil ar: https://www.glengarriffnaturereserve.ie/sea-eagle-webcam/

FIOSRÚCHÁN Ó LUCHT NA MEÁN CUMARSÁIDE: Eamonn Meskell, NPWS,   [Eamonn.Meskell@chg.gov.ie]Eamonn.Meskell@chg.gov.ie